Faighteoir Ghradam Stiúideo Ealaíona Fhine Gall agus Scoil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga 2018

Naomi_Sex_850_557_s (1)

Fuair Naomi Sex Gradam Stiúideo Ealaíona Fhine Gall 2018.

Is éard atá i gceist le Gradam Ealaíona Fhine Gall agus an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga spás stiúideo maoinithe do thréimhse bliana agus cuireann sé deis ar fáil chun a gcleachtas a fhorbairt laistigh de chreatlach institiúide an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga. Áiríodh leis an bpainéal roghnúcháin don ghradam seo Colin Martin, Príomhoide Scoil AIR, Val Connor, Léachtóir agus Coimeádaí agus Sarah O'Neill, Oifigeach Ealaíon Cúnta, Ealaíona Fhine Gall. Chuir Naomi Sex tús lena cónaitheacht i Samhain 2018.

Táirgeann Naomi scripteanna le haghaidh léirithe beo - baineann na saothair sin le hamharclannaíocht agus dealbhóireacht agus, go hiondúil, bíonn siad ar siúl i suíomh an gailearaí agus músaeim. I dtaca leis sin, breathnaítear ar choincheap na colainne mar aonán foirmiúil, casta agus dealbhóireachta. Baintear úsáid as gnéithe na hamharclannaíochta ag tús agus deireadh an léirithe ar bhealach beartaithe, eagraithe agus an-chúramach. Úsáidtear cúlra fíorbheag radharcghrafach ina bhfuil ábhair agus prapaí a bhfuil sé mar aidhm acu feidhm aeistéitiúil agus foirm dhealbhach a chur ar fáil. Maidir le hábhar na léirithe, tá suim ag Sex sa chinneadh a dhéanann ealaíontóirí chun a bheith ina n-ealaíontóirí agus chun coinneáil orthu sa ghairm sin in ainneoin easpa na stíle maireachtála agus seasmhacht airgeadais a bhíonn ann mar gheall ar an gcinneadh sin.  Is téama comónta é an réasúnaíocht sin maidir le conas a fhorbraíonn agus a scríobhann Sex scripteanna. Go hiondúil, forbraíonn Sex carachtar lárnach atá ag dul le gairm bheatha de chineál éigin - méadaíonn ábhar na scripte uaidh sin amach trí mheán trialacha agus ceardlainne le haisteoirí.

Chun roinnt samplaí ar fiú a lua a thabhairt, tháirg Sex imeacht léiriúcháin dar teideal 'The Synchronised Lecture Series' in 2013 ina raibh páirt ag naoi bpríomhinstitiúid Éireannacha ag an am céanna. I ngach suíomh, lean aisteoir difriúil dialóg agus gníomhartha scriptithe agus úsáideadh líon beag prapaí chun píosa casta ilchodach a léiriú. Bronnadh "An Duais do Thionscadal Amharcealaín, 2013" de chuid Chomhairle Ealaíon na hÉireann ar an imeacht gan réamhshampla seo, chomh maith le "Duais Spáis Goir" de chuid Chomhairle Cathrach Bhail Átha Cliath. In 2014, roghnaíodh Sex don Chlár um Ealaíontóir Cónaithe ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), áit ar tháirg sí roinnt tionscadal nua. I measc na hoibre a rinne sí, bhí sí i mbun coimeádaíochta don imeacht 6iX DEGREES agus scríobh sí an script do mhórléiriú nua dar teideal 'Cheek By Jowl' ar ar bhronn Comhairle Ealaíon na hÉireann 'An Duais Taistil Amharcealaín, 2016'. Léiríodh é agus tógadh ar chamchuairt é in 2016 i gcomhpháirtíocht leis bailiúcháin portráidí an Stáit ag Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh, Gailearaí Ealaíne Crawford agus IMMA. In 2017, choimisiúnaigh Sex chun bailiúchán saothar nua a tháirgeadh dar teideal "All this Surface and Silence" do Ghailearaí II agus III ag an Acadamh Ibeirneach Ríoga. Faoi láthair, tá Sex ag obair i dtreo mórimeacht / taispeántas nua a bheidh á óstáil ag Dánlann an Hugh Lane i gcomhar le hOíche Chultúir 2020.

Íomhá: Naomi Sex, Íomhá Shocair ó Thaispeántas, All This Surface and Silence, le Darina Gallagher, 2017.