Faighteoir Ghradam Stiúideo Ealaíona Fhine Gall agus Scoil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga 2017

Recipient of RHA School and Fingal Arts Studio Award 2017

Fuair Michelle Hall an Gradam Stiúideo Ealaíona Fhine Gall 2017.

Mar chuid den tiomantas leanúnach d'ealaíontóirí proifisiúnta, chuir Oifig Ealaíon Fhine Gall i gcomhpháirtíocht leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga deis ar fáil d'ealaíontóir proifisiúnta spás stiúideo maoinithe a fháil ar feadh tréimhse bhliana. Tugann an gradam seo deis d'ealaíontóir forbairt a dhéanamh ar a c(h)leachtas laistigh de chreatlach institiúide an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga agus clúdaíonn sé costas cíosa an stiúideo agus riaracháin.

Maidir le Michelle Hall

Is ealaíontóir idirdhisciplíneach agus scríbhneoir í Michelle Hall. Mar chuid á cleachtas, bailíonn sí sonraí, uigeachtaí, focail agus ábhair chun gníomhartha a ghiniúint a dhéanann scrúdú ar mhodhanna iompair agus smaoinimh trí mheán íomhá ghluaisteach agus socair, léirithe, suiteála agus téacs. Bhain Hall MA Ealaín sa Domhain Chomhaimseartha amach le déanaí ag Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus bhain sí BA Mínealaín amach ag Institiúid Teicneolaíochta, Rae Portland in 2007. In 2016, bronnadh an Gradam RC Lewis-Crosby ar Hall i gcomhpháirt le duine eile ag na chéad Duaiseanna Amharcealaíne RDS agus roghnaíodh a gcuid saothar don Duais StartPoint 2017 a bhronnfar i bPrág go luath. Glacfaidh Hall páirt i gcónaitheacht taighde i Samhain leis an CENTRE FOR THE STUDY OF SUBSTRUCTURED LOSS ag Stiúideonna Thames-Side, Londain. Bronnadh Sparánacht Scannánaíochta Chomhairle Ealaíon na hÉireann 2017 ar Hall, chomh maith leis an gCónaitheacht Tyrone Guthrie 2017 de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tacaíodh go lách lena cleachtas le Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall 2014-2017. 

Sonraí an ghrianghrafadóra:

Íomhá socair ón suiteáil 'Lost in Papancha, Ways of Escape' agus íomhá chlúdaigh do 'Exercises in Psychogeography #1"

rha 2016