Faighteoir Duais Stiúideo Scoile de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus an ARÉ don bhliain 2021

I gcomhar le Scoil Acadaimh Ríoga na hÉireann (ARÉ/RHA), cuireann sé áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall Joanne Reid a fhógairt mar faighteoir Duais Stiúideo Scoile Chomhairle Contae Fhine Gall agus an ARÉ don bhliain 2021.

Rory O artist Joanne Reid and Colin Martin Principal of RHA School

I gcomhar le Scoil Acadaimh Ríoga na hÉireann (ARÉ/RHA), cuireann sé áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall Joanne Reid a fhógairt mar faighteoir Duais Stiúideo Scoile Chomhairle Contae Fhine Gall agus an ARÉ don bhliain 2021.

Chuir Joanne Reid, físealaíontóir atá ag obair sa dealbhóireacht, tús lena cónaitheacht ag deireadh mhí Mheán Fómhair na bliana 2021. Cuireann an duais spás stiúideo maoinithe ar fáil ar feadh tréimhse bliana agus tugann sí deis don fhaighteoir a chleachtas a fhorbairt laistigh de chreat institiúideach an ARÉ.

Mhol Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnneMarie Farrelly, an chomhpháirtíocht. ‘Bhaineamar sár-taithí thábhachtach as obair lámh ar láimh leis an ARÉ le haghaidh duais mar seo a churr ar fáil. Is bronntanas í an ealaín a mbaineann gach éinne dúinn leas as. Cuireann a háilleacht áthas orainn , ligeann sí dúinn iniúchadh a dhéanamh ar thuairimí deacra agus cuireann sí orinn dearcadh nua a mheas. Tá Comhairle Contae Fhine Gall thar a bheith bródúil as páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo agus guímid gach rath ar Joanne Reid sa spás stiúideo nua a cuireadh ar fáil di.”

Ag labhairt dó faoin Duais, dúirt Stiúrthóir na Seirbhísí, Emer O’Gorman, ‘Is nasc ríthábhachtach iad na cláir mar seo le maoiniú Ealaíon do dhaoine cruthaitheacha ar nós Joanne Reid. Tá áthas orainn dul i gcomhar leis an ARÉ chun an chónaitheacht seo a chur ar fáil agus táimid ag tnúth lena cuid saothair a fheiceáil ag forbairt de réir mar a thagann Joanne faoi bhláth sa stiúideo agus leas á bhaint aici as an am agus as an spás le haghaidh a cuid ealaíne a fhorbairt.”

Is minic a thosaíonn saothar Joanne Reid mar fhreagra díreach ar theagmhálacha de thimpiste aici leis na hábhair, leis na rudaí agus leis na spásanna atá mar chuid den timpeallacht thógtha. Tá cleachtas dealbhóireachta Reid bunaithe ar a cuid smaointe agus ar an taithí aici araon. Ina cuid saothair, is minic a thagann athrú ar ábharthacht nó ar fheidhm an ruda, rud a chruthaíonn bealaí nua chun breathnú ar an saol laethúil. Gnéithe eile de shaothar Reid freisin is iad na tagairtí aici do stair na healaíne agus don spéis leanúnach i gcumhacht an taispeántais.

Sa bhlian 2016, chríochnaigh Reid MA san Ealaín agus i gComhoibriú na Taighde (ECT/ARC) ag an IEDT i nDún Laoghaire. I measc na dtaispeántas a rinne sí le déanaí, tá Home Bodies ag Gleanndwr, Séipéal Iosóid, Baile Átha Cliath (2021), ARTWORKS: Dearly Beloved, Visual Carlow (2019) agus Na Todhcaíochtaí, Sraith 3, Clár 2, ARÉ (2018). Bronnadh Sparánachta Amharcealaíon na Comhairle Ealaíon uirthi (2020), Duais na Fundúireachta um Cónaitheachta an Bhunspáis d'Ealaíontóir (2016) agus Duais agus Sparánacht Ceardlann Dealbhóireacht an Stáisiúin Dóiteáin (2013).

Íomhá: Joanne Reid, Gan Teideal (baguette le línte buí dúbailte), 2021. Coincréit, péint, sraithadhmad, adhmad.

Joanne Reid - Untitled(baguette with double yellow lines) 2021
RHA award 2021