Is tionscnamh é Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 atá á stiúradh ag Comhairle Contae Fhine Gall, Oifig Imeasctha Chomhairle Contae Fhine Gall. Is é 2023 an cúigiú bliain de Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall. Beidh thart ar 70 imeacht ar siúl ar fud Chontae Fhine Gall ó Luan an 13ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh an 19ú Samhain. Tá imeachtaí uile Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall saor in aisce le freastal orthu agus oscailte do chách.
Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís nuair a thosnaímid ag féachaint ar cé a bheidh rannpháirteach agus cad a bheidh ag tarlú do Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall 2022!
Tá rud éigin ann do gach blas sa chlár iontach atá beartaithe don tríú Seachtain um Chuimsiú Fhine Gall le níos mó ná 76 imeacht ar siúl timpeall an Chontae.
Tá Valerie McAllorum Byrne ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall mar Oifigeach Imeasctha, rud a tharraingíonn aird ar thiomantas na Comhairle maidir le hionchuimsiú agus dul chun cinn sna pobail éagsúla i bhFine Gall.