Sa tsraith dhá chuid seo ar ‘Have your Say on Europe’ le Patrick O’Riordan, i measc na gceisteanna tá téarnamh ó Covid-19 ag leibhéal an AE, na príomhdhúshláin atá le sárú ag Limistéar an Euro tar éis Covid, agus an méid atá á dhéanamh ag leibhéal an AE chun tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí socheacnamaíocha níos leochailí.
Tá tionscadal Ár mBaile Brigín de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do phríomhdhuais Eorpach ag an Institiúid Nuálaíochta sa Pholaitíocht, eagraíocht atá bunaithe i Vín a oibríonn ar leibhéal neamh-chlaonpháirteach, pan-Eorpach chun polaiteoirí ó thíortha éagsúla a chumasú chun an cleachtas is fearr a roinnt, aithne a chur ar a chéile agus athmhuintearas a chothú.
Chomhoibrigh daoine óga ó thionscadail Foróige ar fud Fhine Gall chun píosa filíochta ó bhéal faoi Covid-19 agus an tionchar atá aige ar dhaoine óga go háirithe, a chur le chéile agus a scríobh.
Tá buiséad €286 milliún glactha ag Comhairle Contae Fhine Gall do 2021 a chinnteoidh go ndéanfar seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú do dtí an bhliain seo chugainn. Léiríonn sé méadú de €16.3 milliún ó 2020 agus is ionann é agus €966.78 in aghaidh gach duine den daonra.
Scríobh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, thar ceann na Comhairle, chuig Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, chun dlúthpháirtíocht a chur in iúl di tar éis di a bheith thíos le hionsaithe ciníocha ar na meáin shóisialta.