"A Need to be Heard"/TÁ GÁ GO nÉISTFEAR LEO)

Chomhoibrigh daoine óga ó thionscadail Foróige ar fud Fhine Gall chun  píosa filíochta ó bhéal faoi Covid-19 agus an tionchar atá aige ar dhaoine óga go háirithe, a chur le chéile agus a scríobh.

Ba é Elizabeth Lola Osikomaiya ó Sheirbhís Óige Foróige i gCósta Thuaidh Chontae Bhaile Átha Cliath agus Josh Tutty as Foróige sa Chorr Dhubh a chum ‘A Need To Be Heard’ ('Tá Gá go nÉistfear Leo'). Rinne Patrick Tolan ó The Computer Clubhouse de chuid Foróige i mBaile Bhlainséir an físeán a scannánú ar fud Fhine Gall.

Is féidir an físeán a fheiceáil ag data=04|01|[email protected] |3d8e451942d042819a3808d89123966f|72dcfc23757145948154afe2c0bdea98|0|0|637418929318009585|Unknown|TWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0=|1000&sdata=W1MXVlhdOBxUXcDcikQA3zUcQpcjjoGCZkFYN3CE9b0=&reserved=0">https://youtu.be/QB0m8MjJVnQ

Scríobh Elizabeth Osikomaiya na liricí faoin eispéireas comhchoiteann de dhaoine óga in Éirinn le linn na paindéime agus ba í a taithí féin a spreag an t-aistriú ón scoil go dtí an coláiste.  Dúirt Elizabeth: “Thosaigh mé mo chéad bhliain san ollscoil agus bhí go leor den méid a scríobh mé díreach faoin gcaoi ar bhraith mé, an t-eispéireas. Theastaigh uaim a bheith chomh huilechuimsitheach agus ab fhéidir liom agus mar sin rinne mé iarracht scríobh ó thaobh staideanna difriúla de dhaoine ina saol. "

Cumadh ‘A Need To Be Heard’ ('Tá Gá go nÉistfear Leo') mar fhreagairt ar chuid den phoiblíocht dhiúltach a lean daoine óga le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Thacaigh John FitzGerald, Oifigeach Sinsearach Óige le Foróige leis na daoine óga, agus reáchtáladh an comhoibriú ar bhonn cianda, ag úsáid teicneolaíochtaí agus ardáin ar líne agus ag cloí leis na treoirlínte uile a bhaineann le Covid-19.

Dúirt Miriam Ryan, Bainisteoir Foróige do Bhaile Átha Cliath Thuaidh: “Caithfear daoine óga a mholadh as a gcuid iarrachtaí agus as a rannpháirtíocht leanúnach le seirbhísí óige. Ba bhliain an-chrua í dúinn uile, ach bhí tionchar an-mhór aige ar dhaoine óga go háirithe, cuireadh a saolta bunoscionn.  Gach lá trínár gcuid oibre i bhFine Gall agus ina dhiaidh sin feicimid an chuid is fearr de dhaoine óga, a n-athléimneacht, a dtoilteanas chun fanacht páirteach agus dul i dtaithí go tapa ar mhodhanna rannpháirtíochta athraithe.  Táimid mar eagraíocht atá tiomanta éisteacht le guthanna daoine óga agus tacú leo agus iad a chumasú le linn na tréimhse an-dúshlánaí seo. "

Is comhpháirtíocht é ‘A Need To Be Heard’ ('Tá Gá go nÉistfear Leo')  idir Foróige, Aonad Cumarsáide Chomhairle Contae Fhine Gall agus BNL Productions Tuaisceart Éireann. Scaipfear go forleathan é ar fud Fhine Gall sna laethanta amach romhainn.

 

Maidir le Foróige

Is é Foróige an eagraíocht óige is mó le rá in Éirinn, ag reáchtáil tionscadal agus clubanna faoi stiúir oibrithe deonacha i bhFine Gall i gceantair cosúil le Bhaile Bhlainséir, Baile Brigín, An Ros, Lusca agus na  Sceirí.  Oibríonn an carthanas le níos mó ná 1,200 duine óg i dtionscadail agus le os cionn 600 duine óg i gclubanna i bhFine Gall. I measc na dtionscadal tá tionscadail spriocdhírithe atreoraithe óige an Gharda Síochána, tionscadail UBU, tacaíochtaí do dhaoine óga a bhfuil saincheisteanna um úsáid substaintí acu agus deiseanna níos leithne a thabhairt do dhaoine óga i réimse clár náisiúnta mar Theicneolaíocht, Fiontraíocht (NFTE), Ceannaireacht, Sláinte & Folláine agus Saoránacht. Tá caidreamh oibre ann le fada idir Foróige agus Comhairle Contae Fhine Gall. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall spás pobail ar fáil do thionscadail agus do sheirbhísí Foróige agus oibríonn sí i gcomhpháirtíocht ar thionscnaimh mar Chomhairle na nÓg agus cláir samhraidh. Tá Foróige ina bhall d’Fhóram Glao an Phobail COVID-19 d’Fhine Gall  freisin.