Ár mBaile Brigín ainmnithe don phríomhdhuais Eorpach

Tá tionscadal Ár mBaile Brigín de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do phríomhdhuais Eorpach ag an Institiúid Nuálaíochta sa Pholaitíocht, eagraíocht atá bunaithe i Vín a oibríonn ar leibhéal  neamh-chlaonpháirteach, pan-Eorpach chun polaiteoirí ó thíortha éagsúla a chumasú chun an cleachtas is fearr a roinnt, aithne a chur ar a chéile agus athmhuintearas a chothú.  

Tá an tionscadal Ár mBaile Brigín ar cheann de 10 iomaitheoir sa chatagóir Daonlathais a thugann ómós d’obair pholaitiúil a mhéadaíonn rannpháirtíocht na saoránach i gcruthú tuairimí agus i gcinnteoireacht. Is iad An Úcráin (2), An Pholainn (2), An Liotuáin, An Bheilg, An Eilvéis, An Fhrainc agus An Iodáil na hiomaitheoirí deiridh eile.

Bhí 25% de dhaonra an bhaile páirteach sa phróiseas comhairliúcháin mar thoradh ar thionscadal Ár mBaile Brigín agus mar sin foilsíodh Plean Athnuachana Ár mBaile Brigín agus tiomantas 93 gníomhaíocht a sheachadadh agus é mar aidhm acu áit bhríomhar spreagúil a chruthú ina mbeidh cónaitheoirí ag iarraidh maireachtáil, a scíth a ligean agus obair ann.  

Tá na Gradaim Nuálaíochta sa Pholaitíocht do na tionscadail pholaitiúla is fearr ó gach cearn den Eoraip agus tá naoi gcatagóir ann agus roghnaíonn giúiré de níos mó ná 1,000 saoránach Eorpach na buaiteoirí trína gcuid pointí a bhronnadh i ngnás meastóireachta ar líne a mharcálann gach tionscadal ar a leibhéil nuálaíochta, rannpháirtíochta agus inbhuanaitheachta. Fógrófar na buaiteoirí i ngach catagóir ón 3 Nollaig.

D’ainmnigh comhairleoirí áitiúla, an Comhairleoir Grainne Maguire agus an Comhairleoir Tony Murphy an tionscadal Ár mBaile Brigín do na Gradaim Nuálaíochta sa Pholaitíocht, ar baill iad de Ghrúpa Ceannaireachta Ár mBaile Brigín a bhfuil sé de chúram orthu straitéis shocheacnamaíoch fhadtéarmach a fhorbairt don bhaile.  

Déanann siad, in éineacht leis an gComhairleoir Séana Ó Rodaigh, an Comhairleoir Tom O’Leary agus an Comhairleoir Karen Power, ionadaíocht ar Limistéar Toghcháin Bhaile Brigín ar Chomhairle Contae Fhine Gall.

Dúirt an Comhairleoir Grainne Maguire: “Is mór an onóir do Bhaile Brigín a bheith ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradam Eorpach a cheiliúrann nuálaíocht sa pholaitíocht. Mar gheall ar an leibhéal rannpháirtíochta atá bainte amach againn leis an bpobal don tionscadal Ár mBaile Brigín, tá daoine ar fud na hÉireann, agus san Eoraip anois ag suí suas agus ag tabhairt faoi dheara go bhfuil suim ag pobail a dtuairimí a thabhairt faoi thodhchaí na háite ina gcónaíonn siad. Is iontach an rud é go bhfuil an méid atá déanta againn i mBaile Brigín curtha chun tosaigh mar eiseamláir den scoth do dhaoine eile ar fud na hEorpa.” 

Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy: “Is eiseamláir í an tionscadal  Ár mBaile Brigín i bpróiséas daonlathach a spreag agus a d’éascaigh leibhéal ard rannpháirtíochta poiblí. Ón tús bhí a fhios againn go gcaithfeadh baint a bheith ag an bpobal le dréachtú pleananna dá mbaile. Is cruthúnas eile é a bheith sa bhabhta ceannais do ghradam iomráiteach Eorpach go n-aithnítear an próiseas don rannpháirtíocht rathúil a tharla agus a d’eascair as ár Straitéis Ár mBaile Brigín.”

Dúirt an tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín: “Bhí guth mhuintir Bhaile Brigín chun tosaigh le linn an phróisis Ár mBaile Brigín agus chruthaigh siad go raibh siad bréa ábalta an beart a dhéanamh an deis chun athrú a thapú trí smaointeoireacht nua, ceannaireacht úr agus tionscnaimh uaillmhianacha. Bhí an méid a tharla i mBaile Brigín le dhá bhliain anuas an-nuálach agus tá guth na ndaoine aistrithe go gníomhartha nithiúla chun leasa an phobail ar fad. Tá an-áthas orm go bhfuil sé seo aitheanta agu an Institiúid Nuálaíochta sa Pholaitíocht.” 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Díríonn Ár mBaile Brigín ar athnuachan phobaldhírithe trí chaidrimh idir an sochaí agus an geilleagar a neartú chun Baile Brigín níos láidre   agus níos inbhuanaithe a chruthú. Léiríonn na Gradaim Nuálaíochta sa Pholaitíocht an chaoi ar féidir leis an nuálaíocht polaitíocht dhaonlathach a neartú, a fhorbairt níos mó agus a spreagadh agus is mór an onóir do Chomhairle Contae Fhine Gall go bhfuil tionscadal Ár mBaile Brigín ar an ngearrliosta do ghradam pan-Eorpach.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá Ár mBaile Brigín ar cheann de phríomhthionscadail Chomhairle Contae Fhine Gall agus tá gradaim faighte aige anseo in Éirinn cheana féin don bhealach nuálach a bhain sé leas as an bpobal chun páirt a ghlacadh i bplean a dhéanamh dá mbaile. Mar Chomhairle táimid i gcónaí ag iarraidh a fheiceáil conas is féidir linn rudaí a dhéanamh níos fearr agus is fianaise í Ár mBaile Brigín a bheith san iomaíocht do mhórghradam Eorpach ar an obair iontach atá déanta ag Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín, ár gcomhairleoirí agus ár bhfoireann.”

Is féidir tuilleadh eolais faoi na Gradaim Nuálaíochta sa Pholaitíocht 2020 a fháil ag www.innovationinpolitics.eu/en/ agus ag https://innovationinpolitics.eu/en/best-practice/our-balbriggan-rejuvenation-plan-2019-2025/

I 2019 bhuaigh tionscadal Ár mBaile Brigín Gradam Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil as an gCleachtas Is Fearr i Rannpháirtíocht Saoránach agus Gradam Barr Feabhais sa Chaidreamh Poiblí don Fheachtas Earnála Poiblí Is Fearr.