Cuireann Comhairleoirí Fhine Gall tacaíocht in iúl d’Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath

Scríobh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, thar ceann na Comhairle, chuig Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, chun dlúthpháirtíocht a chur in iúl di tar éis di a bheith thíos le hionsaithe ciníocha ar na meáin shóisialta.

Image of Mayor of Fingal Cllr David Healy

Scríobh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, thar ceann na Comhairle, chuig Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, chun dlúthpháirtíocht a chur in iúl di tar éis di a bheith thíos le hionsaithe ciníocha ar na meáin shóisialta.

“Labhrann baill Chomhairle Contae Fhine Gall agus mé féin le guth amháin agus muid ag cur in iúl an uafáis atá orainn faoin slí uafásach ar caitheadh leis an gComhairleoir Hazel Chu,” a dúirt an Méara. 

“Níl aon údar leis an gciníochas agus na maslaí a cuireadh in iúl, taobh thiar de chlúdach anaithnideachta don chuid is mó.

“Mar chomhionadaithe tofa áitiúla theastaigh uainn scríobh chun ár ndlúthpháirtíocht léi féin agus lena teaghlach a chur in iúl. Níor chóir go bhfulaingeodh aon duine aon chineál drochíde bunaithe ar a n-eitneachas.”