Council

06 Dec 2019
Music

Taispeántas Nollag Scoil Cheoil Bhaile Bhlainséir

Ar an 6 Nollaig, tabharfaidh Scoil Cheoil Bhaile Bhlainséir aghaidh ar Draíocht do Cheolchoirm na Nollag. I rith na ceolchoirme beidh na mic léinn i lár stáitse iad ag Canadh, ag seinm an Phianó, na nDrumaí, an Veidhlín agus an Ghiotáir. Beidh idir phíosaí ceoil lán spiorad na féile agus blaiseadh de shaothair scrúdaithe na mac léinn le cloisteáil, agus is tráthnóna de cheol iontach agus de thaibhithe ardaithe meanman a bheidh ann!

04 Dec 2019
Film

Love Actually (2003) ar scáileán in Draíocht

Is coiméide rómánsúil den scoth é Love Actually ó lucht déanta Bridget Jones's Diary agus Notting Hill. Greannmhar, tarraingteach agus croíúil, le scoth na n-aisteoirí (Hugh Grant, Liam Neeson, Alan Rickman, Colin Firth, Keira Knightley, Laura Linney agus Emma Thompson, gan ach roinnt bheag a lua!)

18 Nov 2019
MarathonKids

Míle Deireanach MarathonKids i Staid de Mortún

Rith breis is 5,500 dalta ó rang 5 & 6,   i 87 scoil agus 25.2 míle thar 8 seachtaine. Bhí siad i mbun traenála 4 huaire in aghaidh na seachtaine ar scoil sular éirigh leo an míle deireanach a rith ag imeacht speisialta 1-mhíle a reáchtáladh ar an 13 Samhain.  Bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly agus Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, i láthair nuair a bhí an míle deireanach á rith.

15 Nov 2019
Sports

O’Doherty ag díriú ar Chraobh Domhanda na Scuaise

Tar éis di Craobh na hEorpa a bhaint amach tá an t-imreoir scuaise Orla O'Doherty arb as Port Mearnóg di ag díriú anois ar chraobh domhanda a bhuachan ag an gComórtas Domhanda sa Pholainn an bhliain seo chugainn.

14 Nov 2019
Donabate Distributor Road

An t-eolas is déanaí maidir leis an dul chun cinn ar Bhóthar Dáileacháin nua Dhomhnach Bat á roinnt ag an Méara agus Príomhfheidhmeannach leis an Taoiseach

Roinn Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, an scéala is déanaí leis an Taoiseach Leo Varadkar, TD, maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar Bhóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat le linn dó a bheith ar cuairt ar an suíomh inniu.

14 Nov 2019
Traffic

Moill ar Thrácht i nDomhnach Bat  

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall leithscéal a ghabháil as an moill a cuireadh ar thrácht ar maidin ar Bhóthar Phort Reachrann i nDomhnach Bat; chlis ar na soilse tráchta radar-rialaithe.