Moill ar Thrácht i nDomhnach Bat  

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall leithscéal a ghabháil as an moill a cuireadh ar thrácht ar maidin ar Bhóthar Phort Reachrann i nDomhnach Bat; chlis ar na soilse tráchta radar-rialaithe.

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall leithscéal a ghabháil as an moill a cuireadh ar thrácht ar maidin ar Bhóthar Phort Reachrann i nDomhnach Bat; chlis ar na soilse tráchta radar-rialaithe.

Tá úsáid á baint as an gcóras bainistíochta tráchta seo fad is atá oibreacha tógála ar bun chun Bóthar Phort Reachrann, an R126, a nascadh le Bóthar Dáileacháin nua Dhomhnach Bat. Ar mhaithe leis an moill tráchta a bhainistiú ar bhealach níos fearr sa cheantar, beidh córas láimhe stop-tosaigh i bhfeidhm ag an suíomh seo i rith buaicuaireanta.

Chun na hoibreacha riachtanacha don nascadh seo a éascú, tá gá le seachtain bhreise de bhainistíocht tráchta, go dtí an Aoine, an 22 Samhain.

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall buíochas a ghabháil le comaitéirí sa cheantar seo as a gcuid foighne fad is atá na hoibreacha riachtanacha seo á ndéanamh.