Seoladh Phlean Ealaíon 2019 - 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall

Seoladh Plean Ealaíon 2019 - 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall i gCaisleán Shoird agus leagtar amach ann straitéis do na healaíona sa chontae do na seacht mbliana amach romhainn.

Arts Plan Launch in Swords Castle 2019-2025

In éineacht le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien, bhí AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Rory O'Byrne, Oifigeach Ealaíon an Chontae agus an aoichainteoir speisialta Art O'Leary, Ard-Rúnaí an Uachtaráin, le fáilte a chur roimh ealaíontóirí, lucht déanta beartas cultúrtha, oideachasóirí, teaghlaigh agus an pobal i gcoitinne. 

Thug Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O'Brien aitheasc oscailte agus dúirt sé, 'Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu chun Plean Ealaíon 2019 - 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall a sheoladh go hoifigiúil, ina leagtar amach fís d'fhorbairt na n-ealaíon sna seacht mbliana amach romhainn. Molaimid foireann na hOifige Ealaíon as an obair ríthábhachtach atá déanta acu go dtí seo, agus táimid ag tnúth, go muiníneach, leis an méid a thiocfaidh as an bplean seo amach anseo.

Tá foireann na hOifige Ealaíon comhdhéanta de Rory O'Byrne (Oifigeach Ealaíon Contae), Sarah O'Neill (Leas-Oifigeach Ealaíon), Julie Clarke (Oifigeach Óige & Oideachais), agus Caroline Cowley (Comhordaitheoir na nEalaíon Poiblí), agus bhí siad go léir i láthair.  Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Rory O'Byrne, 'Tá clár fairsing deiseanna agus tionscnamh ag Oifig na nEalaíon treoraithe ag réimsí beartas tosaíochta, mar aon le hobair dhá ionad ealaíon a bhfuil ag éirí go maith leo - Draíocht i mBaile Bhlainséir agus Ionad Ealaíon Seamus Ennis san Aill.'  

'Cuireann an plean seo san áireamh forbairtí a rinneadh le déanaí go háitiúil agus go náisiúnta. Sna seacht mbliana amach romhainn, díreoimid ár n-iarrachtaí trí spás a dhéanamh don ealaín, daoine agus smaointe a nascadh, barr feabhais a neartú, agus ár gcumas an plean seo a sheachadadh chomh maith agus is féidir a chumasú. '

Bunaíodh ábhar an phlean ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí a tharla thar sé seachtaine ó Bhealtaine go Meitheamh 2018.  Bhain an chéad chéim den chomhairliúchán poiblí le suirbhé ar líne. Bhain an dara céim den chomhairliúchán le modheolaíocht 'World Café', inar reáchtáil an Oifig Ealaíon dhá cheardlann leathlae le páirtithe leasmhara a tugadh cuireadh dóibh.

Chuaigh an Oifig Ealaíon i gcomhairle le daoine óga trína Clár Óige & Oideachais chun a chinntiú go n-éistfí le déimeagrafach suntasach óige Fhine Gall i bpleanáil agus i seachadadh na seirbhísí ealaíon agus cultúrtha i bhFine Gall. Ina theannta sin, d'eagraigh an Oifig Ealaíon ceardlann leis an Líonra Rannpháirtíochta Pobail.

Dúirt AnnMarie Farrelly, an Príomhfheidhmeannach, 'Tá Comhairle Contae Fhine Gall 25 bliain ar an bhfód i mbliana, agus ó thús an ama sin aithníodh go bhfuil na healaíona riachtanach do shaol agus do leas ár bpobal. Táimid bródúil as ár seirbhís a chuidíonn le cultúr ár gcontae a mhúnlú ionas go mbeidh sé ina áit níos fearr le cónaí ann, le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air'.

Mhol Art O'Leary, Ard-Rúnaí an Uachtaráin, obair na hoifige ealaíne agus dúirt sé, 'Is léir gur údarás áitiúil é Fine Gall atá tiomanta tacú le healaíontóirí agus le daoine de gach aois trí sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar dhaoine, áit agus cleachtas. Is é seo an plean ealaíon is fearr atá léite agam go dtí seo'.

Tugadh cuireadh do na haíonna cuairt a thabhairt ar dhá thaispeántas speisialta a reáchtáladh don ócáid, a thagann leis an bpleanáil agus leis an bhfís do Shord mar shuíomh don ealaín chomhaimseartha i gcomhthéacs an Mháistirphlean Cultúir nua atá beartaithe.

Chuir an tEalaíontóir Michele Hetherington Talk Softly, saothar nua suíomhoiriúnaithe ag Caisleán Shoird, i láthair. Is ealaíontóir áitiúil de chuid Fhine Gall í Hetherington, agus bhain sí amach Gradam Iarchéime Ealaíon Fhine Gall in 2018.

Chuir Alan James Burns Silicon Synapse, suiteán Réaltachta Fíorúil agus síci-acústach i láthair i Leabharlann stairiúil Carnegie, Sord. Rinne Comhairle Contae Fhine Gall agus clár SciArt an Choimisiúin Eorpaigh coimisiúnú ar an saothar ealaíne seo agus tá sé á mhaoiniú ag Gradam Open Call Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

Sa phlean ealaíon tá saothar ealaíne an ghrianghrafadóra Rich Gilligan le feiceáil chomh maith. Is as Fine Gall ó dhúchas do Gilligan, agus tá sé á choimisiúnú ag Oifig Ealaíon Fhine Gall chun tírdhreach cultúrtha an chontae a thaifeadadh agus a ghabháil. Cuireadh tús leis an bpróiseas seo i mí Lúnasa 2019 agus leanfaidh sé ar aghaidh trí 2020.

Dúirt Rory O'Byrne, “Is ceiliúradh é an plean ealaíon ar na daoine agus na háiteanna a shainmhíníonn ár gcontae, agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an oiread daoine agus is féidir sna blianta amach romhainn chun ár gcuspóir a bhaint amach - beocht a chur sna healaíona i saol Fhine Gall agus beocht a chur in Fhine Gall trí na hEalaíona '.

Bhí cóip de Phlean Ealaíon 2019 - 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall ar fáil do gach duine a bhí i láthair agus beidh sé le fáil ar líne go luath www.fingalarts.ie Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: [email protected]   

Arts Plan Launch Alan James Burn Exhibition Pic 2