Bealach Coisithe agus Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, Baile Brigín

Harry Reynolds Road Balbriggan Cycleway

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall áiseanna feabhsaithe do choisithe agus rothaithe a chur ar fáil ar Bhóthar Hamilton agus ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill i mBaile Brigín. Mar gheall ar an scéim seo, cuirfear leis an inrochtaineacht agus soláthrófar timpeallacht níos sábháilte don siúl agus don rothaíocht. Tá sé mar chuspóir lárnach chun Baile Brigín a aistriú ina áit tarraingteach chun a bheith i do chónaí ann, chun a bheith ag obair, le cuairt a thabhairt uirthi nó chun do chuid gnó a dhéanamh, go bhforbrófar líonra ardchaighdeáin do rothaithe do choisithe.

Mar gheall ar an scéim seo, gríosófar leibhéil ghníomhaíochta coirp méadaithe agus tabharfar rogha iompair léi atá tharraingteach agus inbhuanaithe laistigh de Bhaile Brigín do leanaí scoile agus do chomaitéirí áitiúla araon.  Cuirfear buntáistí suntasacha ar fáil don phobal i gcoitinne leis, chomh maith, feabhas a chur ar shláinte daoine chomh maith le riocht an chomhshaoil.

Beidh an bealach atá beartaithe faoin scéim ag freastal go díreach ar líon mór ionad cónaithe, oideachais agus gnó i mBaile Brigín agus cuirfear naisc shábháilte agus tharraingteacha eatarthu ar fáil leis. Tá an chuid is mó de mhuintir Bhaile Brigín ina gcónaí laistigh d’achar 5 nóiméad ar rothar den scéim atá beartaithe, rud a fhágann gur áis thábhachtach í seo don bhaile ar fad.

Beidh Tráthnóna Faisnéise ar siúl in Óstán Bracken Court, Baile Brigín Déardaoin an 21 Samhain idir 4:00 pm agus 8:00 pm, agus beidh foireann an tionscadail ar fáil ann chun aon fhiosruithe atá agat faoin scéim atá beartaithe a fhreagairt.

 

Rannpháirtíocht an Phobail   Dátaí Áit Amanna
Tráthnóna Faisnéise Poiblí  21/11/19    Óstán Bracken Court, Baile Brigín  4:00pm go dtí 8:00pm
Faisnéis ar líne  21/11/19 go dtí 19/12/19  

 https://consult.fingal.ie/en/browse

 

 

Iarrtar ar aon duine a bhfuil suim aige ann aighneacht a dhéanamh ar an scéim atá beartaithe idir na dátaí 21/11/19 agus 19/12/19:

• Is féidir aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn ag an Tráthnóna Faisnéise

•             Is féidir aighneacht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall: https://consult.fingal.ie/en/browse

•             Mar mhalairt air sin, cuir ríomhphost chuig  [email protected]

•             Nó, mar mhalairt air sin, cuir litir sa phost chuig an Innealtóir Sinsearach, an Rannán Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K37 X8Y2

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is mór an tairbhe a gcuirfear leis an áis fheabhsaithe seo atá beartaithe do choisithe agus do rothaithe araon ar Bhóthar Hamilton agus Bóthar Harry Reynolds ar an mbonneagar iompair inbhuanaithe i mBaile Brigín, agus éascófar an taisteal níos sábháilte agus níos sláintiúla do leanaí scoile agus comaitéirí araon mar gheall air.”

 Is féidir teacht ar chóip den Bhileog Eolais le haghaidh na Scéime ag https://www.fingal.ie/news/harry-reynolds-road-pedestrian-and-cycle-route-balbriggan

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le [email protected]

 

Cycling Image Harry Reynolds Road Balbriggan