Council

18 Dec 2019
Film

Léiriú de It’s a Wonderful Life (1946)

Is fíor-mhórshaothar den phictiúrlann é an scannán seo atá álainn agus spreagúil ag an am céanna. Tá George Bailey (James Stuart) i gcruachás, tar éis dó a bheith crocha ag a shean-namhaid.

17 Dec 2019
Film

Léiriú de Home Alone 2: Lost in New York (1992)

Sa dara scannán seo den sraith Home Alone a bhfuil an-tóir uirthi, tá Macaulay Culkin, an réalt-pháiste, ann arís ag glacadh an ról sin as ar tháinig cáil mhór air, mar Kevin McCallister, buachaill as Chicago a théann ar eitleán go Nua-Eabhrac de thimpiste agus an chuid eile dá theaghlach mhór ag dul go Florida.

16 Dec 2019
Film

ELF ar taispeáint in Draíocht

Is é Will Ferrell atá an phríomhpháirt den scannán aige, mar Buddy, leanbh daonna ar tógadh é mar shíofra sa Phol Thuaidh. Tar éis dó pobal na síofraí a fhágáil ina cíor thuathail mar gheall air a bheith chomh mór sin, cuireann Buddy aghaidh ar Nua-Eabhrac chun aithne a chur ar cé hé féin san fhírinne, agus chun a athair féin a aimsiú. Ach tá dearmad déanta ag gach duine ar an fhíor-thábhacht atá i gceist leis an Nollaig, agus is faoi Buddy é féin agus a chuid nósanna síofracha atá aige chun a theaghlach a mhealladh, a chinniúint a chur i gcrích agus, i ndeireadh thiar thall, a shábháil!

14 Dec 2019
Music

Cór Gaspal Bhaile Átha Cliath ag aimsir na Nollag

Halla Éisteachta

Tá Cór Gaspal Bhaile Átha Cliath ag teacht ar ais go dtí Draíocht, chun a rogha d’amhráin na Nollag a chasadh; roinnt díobh lúcháireach croíúil, cuid eile a chuirfeadh an cumha ort agus cuid acu atá funcaí amach is amach!

13 Dec 2019
Music

Ceolchoirm Comórtha 10 mBliana Ionad Teagaisc Cheoil Chluain Aodha

Tá Ionad Teagaisc Cheoil Chluain Aodha ag teacht ar ais go dtí Draíocht chun comóradh a dhéanamh ar 10 mbliana de bheith ag casadh ceoil i measc an phobail.  Bígí linn ar an oíche cheoil seo a bheidh ar cheann de na cinn is taitneamhaí ceoil i mbliana agus ina sárthaispeánfar na buanna ar leith atá ag a gcuid mac léinn, idir na mic léinn reatha agus na hiar-mhic léinn araon.

12 Dec 2019
Music

Ceolchoirm Nollag Chúil Mhín - Nollaig Shona

Is é an Nollaig an t-am chun teacht le chéile. Is am é an Nollaig chun machnamh a dhéanamh ar na rudaí maithe uile atá againn sa saol - chun taitneamh a bhaint as gach aon duine atá againn inár saol agus chun cur in iúl dóibh cé chomh tábhachtach is atá siad dúinn.

15 Dec 2019
Music

Slow Session [Seisiún Mall] ag Ionad Ealaíon Shéamus Ennis

Tá na Slow Sessions dírithe ar cheoltóirí fásta atá ag foghlaim conas uirlis a seinm agus atá maith go leor chun páirt a ghlacadh i seisiún ceoil traidisiúnta neamhfhoirmiúil. Tá sé mar aidhm ag na seisiúin seo na rannpháirtithe a spreagadh le stór foinn nua a fhoghlaim agus iad ag seinm i gcomhar le ceoltóirí eile agus tempo an cheoil idir mall agus measartha.