Léiriú de It’s a Wonderful Life (1946)

DÉ CÉADAOIN AN 18 NOLLAIG 2019 AG 7.30PM An Príomh-Halla Éisteachta // €7.50 / €6 lacáiste / €5 leanaí

Is fíor-mhórshaothar den phictiúrlann é an scannán seo atá álainn agus spreagúil ag an am céanna. Tá George Bailey (James Stuart) i gcruachás, tar éis dó a bheith crocha ag a shean-namhaid. Tá sé idir dhá thine Bhealtaine ó thaobh dúil a chroí de agus an chreidiúint atá aige an rud maith a dhéanamh. Tá an choimhlint inmheánach seo iomarcach do Bailey, agus tagann sé chun tuairim gurb é an féinmharú an t-aon rogha atá aige. I stíl clasaiceach Hollywood, tagann aingeal coimhdeachta anuas ó na flaithis chun a chur i gcuimhne dó cé chomh fiúntach atá a shaol agus chun an maitheas atá sa saol a thabhairt faoi deara.

DEIMHNIÚ: G Teanga: Béarla  Achar Ama: 129 nóiméad
I gcomhpháirt le hAccess Cinema