Cór Gaspal Bhaile Átha Cliath ag aimsir na Nollag

DÉ SATHAIRN an 14 Nollaig 2019 ag 3PM €15 / 8PM €20 / €18 LACÁISTE An Príomh-Halla Éisteachta

Tá Cór Gaspal Bhaile Átha Cliath ag teacht ar ais go dtí Draíocht, chun a rogha d’amhráin na Nollag a chasadh; roinnt díobh lúcháireach croíúil, cuid eile a chuirfeadh an cumha ort agus cuid acu atá funcaí amach is amach! Tá aithne maith ag muintir na hÉireann ar Chór Gaspal Bhaile Átha Cliath le fada an lá – tá sé amach orthu go bhfuil siad ilfheidhmeach, paiseanta agus bríomhar, ardaíonn siad do chroí go lena gcuid guthanna láidre a thagann le chéile i gcomhcheol lán fuinnimh. Tá tionlacan déanta acu le roinnt daoine móra sa tionscadal ceoil dála Rod Stewart, John Legend, Kodaline, Outkast, Damien Rice agus Ennio Morricone, gan ach cúpla a lua. Cuir tús le séasúr na Nollag i stíl agus tar chun Cór Soiscéal Bhaile Átha Cliath a fheiceáil.