Ceolchoirm Comórtha 10 mBliana Ionad Teagaisc Cheoil Chluain Aodha

DÉ hAOINE AN 13 NOLLAIG 2019 AG 7.30PM Stiúideo Draíocht // €10

Tá Ionad Teagaisc Cheoil Chluain Aodha ag teacht ar ais go dtí Draíocht chun comóradh a dhéanamh ar 10 mbliana de bheith ag casadh ceoil i measc an phobail.  Bígí linn ar an oíche cheoil seo a bheidh ar cheann de na cinn is taitneamhaí ceoil i mbliana agus ina sárthaispeánfar na buanna ar leith atá ag a gcuid mac léinn, idir na mic léinn reatha agus na hiar-mhic léinn araon. Chun an comóradh a dhéanamh ar an 10ú Bliain dóibh a bheith ann, beidh aonréadaithe agus ensembleanna ag casadh amhráin ó sheanraí éagsúla, agus roinnt mhaith amhráin Nollag leis a mbeidh an lucht éisteachta in ann canadh leo agus páirt a ghlacadh sa cheol!

Cuireann Ionad Teagaisc Ceoil Chluain Aodha, ar bunaíodh é in 2009, teagasc uirlise agus guthach ar fáil do mhic léinn de gach aois chomh maith le Cúrsaí Réamh-Ionstraime do leanaí níos óige.  Tá sé lonnaithe i meánscoil Choláiste Pobail Setanta i mBaile Átha Cliath 15. Mar scoil cheoil pobalbhunaithe, déanann Ionad Teagaisc Cheoil Chluain Aodha iarracht freastal ar na riachtanais ar leith a bhíonn ag na mic léinn éagsúla sa raon leathann mac léinn a fhreastalaíonn ar an scoil cheoil is cuma más ag foghlaim le haghaidh an spraoi nó le cuspóir spiocdhírithe ar leith a bhaint amach.  Cuirtear feabhas ar na scileanna taibhithe atá ag na mic léinn agus tugtar deiseanna dóibh seinm ag na hAithrisí Bliantúla Samhraidh agus an Ceolchoirm na Nollag.