Slow Session [Seisiún Mall] ag Ionad Ealaíon Shéamus Ennis

Tá na Slow Sessions dírithe ar cheoltóirí fásta atá ag foghlaim conas uirlis a seinm agus atá maith go leor chun páirt a ghlacadh i seisiún ceoil traidisiúnta neamhfhoirmiúil. Tá sé mar aidhm ag na seisiúin seo na rannpháirtithe a spreagadh le stór foinn nua a fhoghlaim agus iad ag seinm i gcomhar le ceoltóirí eile agus tempo an cheoil idir mall agus measartha.

Tá liosta de na foinn a sheinntear go rialta ag na Seisiúin Mall ar fáil le híoslódáil ónár láithreán gréasáin www.tseac.ie ach cliceáil ar Maidir Linn.

Tá fáilte roimh chách!

Bíonn Paudie O'Connor mar óstach ar Slow Sessions [na Seisiúin Mall]; seinteoir bosca cnaipí a thagann ó thraidisiún Shliabh Luachra, agus is ceoltóir é a bhfuil clú air ar fud na tíre

Doirse ar Oscailt: 7:45pm
Cuirtear Tús Leis ag: 8:00pm

Cead Isteach:

Roimh ré: €5

Ag an doras: €5