Elf ar taispeáint ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

LÉIRIÚ TEAGHLAIGH

leanbh daonna ar tógadh é mar shíofra. Cathair ina bhfuil glandearmad déanta ag chuile dhuine ar cad iad bunluachanna na Nollag.

Is é Will Ferrell atá an phríomhpháirt den scannán aige, mar Buddy, duine daonna ar tógadh é mar shíofra sa Phol Thuaidh. Tar éis dó pobal na síofraí a fhágáil ina cíor thuathail mar gheall air a bheith chomh mór sin, cuireann Buddy aghaidh ar Nua-Eabhrac chun aithne a chur ar cé hé féin san fhírinne, agus chun a athair féin a aimsiú. Ach ní saol lán de chánnaí siúcra agus úill taifí atá ann sa chathair mhór. Is cineál “Scrooge” é a athair agus níl creidiúint ag a leasdeartháir nach bhfuil ach ocht mbliana d'aois i Santa. Fiú na fir sneachta i Nua-Eabhrac, níl siad lách cairdiúil. Ní labhraíonn siad fiú, leoga. Níos measa ná sin ar fad, tá dearmad déanta ag gach duine ar an fhíor-thábhacht atá i gceist leis an Nollaig, agus is faoi Buddy é féin agus a chuid nósanna síofracha atá aige chun a theaghlach a mhealladh, a chinniúint a chur i gcrích agus, i ndeireadh thiar thall, a shábháil!

Doirse ar Oscailt: 8:00pm
Cuirtear Tús Leis ag: 8:30pm

Cead Isteach:

Roimh ré: €5 / €4

Ag an doras: €7 / €6