04 Jun 2026

Caighdeán “sármhaith” i dTorthaí Cáilíochta Uisce Snámha is Déanaí - Meitheamh 2026

Sna torthaí tástála Cáilíochta Uisce Snámha is déanaí tá an caighdeán “sármhaith” bainte amach ag; Trá Bhaile Brigín, Trá Theas na Sceirí, Trá Loch Sionnaigh, An Ros Thuaidh, An Ros Theas,An tSrutháin Port Reachrann, Balcarrick Domhnach Bat ,Trá Veilbhit Phort Mearnóg,Trá an Choinicéir i gCill Fhionntain ó na samplaí cáilíochta uisce snámha a tógadh ar an 02 Meitheamh 2026. Fuair Trá Claremont Binn Éadair caighdeán Maith. Chomhlíon an t-uisce snámha neamhshainithe ag Mullach Íde (bratach dhearg bhuan) an caighdeán cáilíochta uisce “den scoth” freisin.

11 Mar 2026
Seachtain na Gaeilge

Oíche Cheoil do Sheachtain na Gaeilge Halla an Chontae 11 Márta, 2026

Dé Céadaoin an 11 Márta in Atriam Halla an Chontae, Sord, agus le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Sheamus Mhic Aonghusa, déanfar Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh  le Ceol, Craic agus Gaeilge idir 7in agus 9in. Beidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil ag ceathrar ceoltóirí sár-chumasacha Éamonn de Barra, Paudie O’Connor, agus Aoife Ní Chaoimh