Toghadh Fionnuala May, Ailtire Contae Fhine Gall, mar Uachtarán ar Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) don bhliain 2026-2027 tar éis do Chomhairle RIAI í a ainmniú don phost.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag soláthar tionscadail chaipitil ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh. Sin é an rud a insíodh do chomhairleoirí agus iad ag ceadú Clár Caipitil trí bliana is fiú €1.43 billiún ag cruinniú míosúil na Comhairle do mhí Dheireadh Fómhair.
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall leanúint dá tacaíocht d’fhéile Theach Oscailte Bhaile Átha Cliath, a bheidh ar siúl ón 11 Deireadh Fómhair go dtí an 19 Deireadh Fómhair.
Chun cabhrú le feabhsuithe i nDomhnach Bat a bhrú chun cinn, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall bunú Foirne Baile nua agus sheol sí Plean Seiceála Sláinte um Thús Áite do Lár Bailte do Dhomhnach Bat. I dteannta a chéile, tá sé mar aidhm acu lár baile Dhomhnach Bat a dhéanamh ina áit níos inmharthana, níos beoga agus níos tarraingtí le cónaí, le hobair, le sóisialú agus le gnó a dhéanamh ann.
Chomóir Baile Brigín, cathair ainmnithe Chomhairle Contae Fhine Gall le haghaidh an Tionscadail EcoCore de chuid URBACT (an Clár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach), garsprioc ollmhór ina aistear inbhuanaitheachta le seoladh an Phodchraolta EcoCore agus le críoch rathúil an chruinnithe deiridh de chuid na gcomhpháirtithe EcoCore, a tionóladh in Dubrovnik, an Chróit, ón 24 Meán Fómhair go dtí an 27 Meán Fómhair 2025.
Chuir baill den phobal in iúl don Chomhairle go bhfaca siad Smugairlí Leonmhongacha ar thrá Fhine Gall. Seans go mbeidh na smugarlí seo le feiceáil ar ár dtránna eile.
Mar gheall ar na réamhaisnéisí aimsire is déanaí, a léiríonn go mbeidh báisteach shuntasach ann go luath Dé Luain an 4 Lúnasa, cuirfear comhartha Rabhaidh Roimh Ré ag tránna Fhine Gall, ó Bhaile Brigín go Claremont (Binn Éadair), lena n-áirítear Mullach Íde le héifeacht ón Domhnach an 3 Lúnasa 2025.