Oibreacha Athchóirithe agus Sínte i gCroílár Shoird chun 13 Theach Nua a sholáthar ar an tSráid Thuaidh
Tá tús curtha go hoifigiúil ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag Broomfield Construction le hobair ar theach sraithe a tógadh sa 19ú haois agus a bhfuil drochbhail air i Sord a bhunathrú.
Tá tús curtha go hoifigiúil ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag Broomfield Construction le hobair ar theach sraithe a tógadh sa 19ú haois agus a bhfuil drochbhail air i Sord a bhunathrú. Déanfaidh an tionscadal an seanfhoirgneamh a athchóiriú, a thiontú agus a shíneadh chun 13 theach nua a chruthú ar an tSráid Thuaidh i gcroílár an bhaile.
Thug an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach na Comhairle, cuairt ar an láithreán i mí na Nollag chun tús na tógála a chomóradh. Leag ailtirí na Comhairle amach conas a thacaíonn an tionscadal leis an sprioc “Tús Áite do Lár Bailte” atá ag Comhairle Contae Fhine Gall, a dhíríonn ar thithe neamhúsáidte nó tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid.
A luaithe a bheidh sí críochnaithe, cuirfidh an fhorbairt, dá ngairtear an Chúirt Thuaidh, meascán de thithe aon seomra leapa agus de thithe dhá sheomra leapa ar fáil. Áireofar leo sin trí aonad aoisbháúla agus dhá aonad atá tógtha de réir caighdeáin deartha uilíoch. Déanfar na tithe uile a leithdháileadh ar dhaoine atá ar liosta tithíochta sóisialta na Comhairle.
Is cuid lárnach de straitéis tithíochta na Comhairle í athghiniúint uirbeach, a fuair €884 mhilliún faoin gClár Caipitil 2025–2028. Is é sin an méid is mó riamh.
Tá an Chúirt Thuaidh suite in aice le mórthionscadal eile, mar atá Ceathrú Chultúir Shoird, ar fiú €40 milliún é. Áireofar leis sin leabharlann, amharclann, gailearaí, spás do dhéantóirí, spásanna ealaíon agus caifé, agus gach ceann díobh suite laistigh d’fhoirgneamh nua íocónach atá le hoscailt sa bhliain 2027. Áirítear leis an tionscadal freisin feabhas a chur ar an limistéar timpeall Chaisleán Shoird chun spás poiblí níos fearr a chruthú le haghaidh imeachtaí.
Trí úsáid a bhaint as seirbhísí láithreacha agus trí bheith suite gar do phoist agus d’iompar poiblí, cuirfidh an Chúirt Thuaidh socrú maireachtála inbhuanaithe ar fáil do na 38 nduine a bhogfaidh isteach inti sa deireadh. Toradh eile a bheidh ar láithreán leath-thréigthe a thiontú ina thithe nua is ea go gcabhrófar le feabhas a chur ar an gcuma atá ar an tsráid agus ar a hatmaisféar.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, é seo a leanas ar an ócáid: “Tá ríméad orm an fód a iompú ar an gCúirt Thuaidh, Sord, rud lena ndéanfar tithíocht atá ag teastáil go géar, lena n-áireofar tithe aoisbháúla, a chur ar fáil i gcroílár an bhaile, gar do na taitneamhachtaí uile. Le forbairtí mar seo, lena ndéantar tithe leath-thréigthe a thiontú ina dtrí theach nua agus ina ndeich n-árasán breise ar a gcúl, rannchuidítear le tréigean a chomhrac agus le beocht a chur lenár lár bailte”.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, é seo a leanas freisin ar an lá: “Tá ríméad orm forbairt an láithreáin seo i gcroílár Shoird ar an tSráid Thuaidh a fheiceáil — is fíorthionscadal athghiniúna don bhaile é. A bhuí le hathchóiriú cúramach na bhfoirgneamh láithreach, agus a bhuí leis an síneadh suntasach, cuirfear trí cinn déag de thithe sóisialta ar fáil i lár an bhaile, áit a mbeidh teaghlaigh gar do na seirbhísí agus don phobal a theastaíonn uathu. Comhghairdeas le hAiltirí Chomhairle Contae Fhine Gall, a thug an tionscadal ó chéim an deartha chuig céim na pleanála, agus anois chuig céim an iompaithe fóid. Is lá bródúil é seo do Shord, agus cuirfidh an tionscadal seo go hollmhór le todhchaí an bhaile”.