Tá Iarratais ar Oscailt le haghaidh an Chláir Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026 i bhFine Gall
Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha i bhFine Gall chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026.
Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha i bhFine Gall chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026.
Tá sé mar aidhm leis an gcistiú tacaíocht caipitil a sholáthar do ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail i bhFine Gall, agus díriú ar leith á leagan ar phobail faoi mhíbhuntáiste i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha araon. Le cistiú an Chláir Feabhsúcháin Áitiúil 2026, tacófar le hoibreacha caipitil beagscála, le ceannacháin trealaimh agus le feabhsuithe ar shaoráidí.
Aidhm eile atá leis an gcistiú is ea tacú le tosaíochtaí straitéiseacha áitiúla trí naisc le Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail.
Leithdháileadh cistiú is fiú €268,827.22 san iomlán ar Chomhairle Contae Fhine Gall. Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a chistíonn an Clár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026. Féach an nasc seo a leanas chuig an bpreaseisiúint le Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus le Jerry Buttimer TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Forbairt Pobail agus as Carthanais, ina bhfógraítear an Clár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026 ar an leibhéal náisiúnta: Preaseisiúnt
Tá iarratais á lorg anois ó Ghrúpaí Pobail i bhFine Gall – is é an Aoine an 27 Feabhra 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Ag fáiltiú dó roimh an gClár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall:
“Tugann an Clár Feabhsúcháin Áitiúil tacaíocht ríthábhachtach do Ghrúpaí agus Eagraíochtaí Pobail chun cabhrú leo obair ríluachmhar a dhéanamh trína saoráidí a fheabhsú agus trí threalamh a cheannach. Cabhróidh an tacaíocht seo le feabhas a chur ar shaoráidí áitiúla, á chinntiú go mbeidh grúpaí in ann leanúint ar aghaidh ag freastal ar a bpobail go héifeachtach. Is údar bróid do Chomhairle Contae Fhine Gall tacú leis na tionscnaimh seo, go háirithe i limistéir faoi mhíbhuntáiste, agus molann sí do gach grúpa incháilithe iarratas a dhéanamh ar an tacaíocht luachmhar seo.”
Ag labhairt di faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall:
“Is mór an chreidiúint don Chontae é an méid oibre pobail agus deonaí atá ar siúl i bhFine Gall, agus tá ríméad orainn tacú le raon tionscadal atá chomh héagsúil sin. Braitheann an-chuid de na grúpaí sin ar na deontais seo chun leanúint dá n-obair luachmhar ina bpobail. Cabhraíonn an cistiú seo leo saoráidí a fheabhsú agus seirbhísí a neartú. Molaimid do gach grúpa incháilithe iarratas a dhéanamh ar chistiú chun tacú lena gcuid oibre agus chun dul chun tairbhe dá bpobail.”
Cuirfear Seimineár Gréasáin Faisnéise agus Ceisteanna agus Freagraí ar siúl Déardaoin an 15ú Eanair 2026 ó 19:00 – 21:00. Chun freastal air cliceáil an nasc seo a leanas 10 nóiméad roimh am tosaithe. LEP Webinar