Tá Straitéis Aoisbhá Fhine Gall 2026-2030 seolta, rud ina leagtar béim ar rannpháirtíocht agus ar inrochtaineacht

Leagtar amach inti treochlár soiléir agus inghníomhaithe chun a chinntiú go leanann Fine Gall ar aghaidh ag forbairt mar chontae aoisbháúil ina dtacaítear le daoine breacaosta.

Age Friendly Strategy Launch

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall Straitéis Aoisbhá Fhine Gall (2026-2030), arb í an tríú straitéis dá leithéid í, a sheoladh. Ba é an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a sheol an Straitéis an 16 Eanáir 2026. Leagtar amach inti treochlár soiléir agus inghníomhaithe chun a chinntiú go leanann Fine Gall ar aghaidh ag forbairt mar chontae aoisbháúil ina dtacaítear le daoine breacaosta, ina gcuirtear san áireamh iad go gníomhach agus ina gcumhachtaítear iad chun dul faoi bhláth. 
Fuair lucht féachana an tseolta aithisc ón Méara O’Leary; ó Senan Turnbull, Cathaoirleach Chomhaontas Aoisbhá Fhine Gall; ó Terry Prone, Ambasadóir Aoisbhá Fhine Gall; agus ó AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall. Chuir Cór Foirne Fhine Gall siamsaíocht ar fáil ar an lá.

Age Friendly Strategy Launch

Tá clú ar Fhine Gall as a beocht óg, ach tá athrú déimeagrafach as cuimse ag tarlú sa chontae. Sa lá atá inniu ann, tá 21% den phobal 55 bliana d’aois nó níos sine, agus bíonn an cohórt sin ag fás i gcónaí. Léirítear sa Straitéis Aoisbhá an tiomantas atá ag Fine Gall do chontae a thógáil ina mbíonn meas ar gach céim den saol, ina gcothaítear naisc bhríocha, agus ina gcinntítear ullmhacht chun freastal ar na riachtanais athraitheacha atá ag pobal a bhíonn ag dul in aois.
Ba é an Comhaontas Aoisbhá a d’fhorbair an Straitéis, atá ar an toradh ar chaidreamh fairsing le daoine breacaosta, le geallsealbhóirí, agus le comhpháirtithe earnálacha. Mhol Terry Prone, Ambasadóir Aoisbhá Fhine Gall, obair an Chomhaontais agus an Straitéis á forbairt aige: “Is comhartha ar straitéis neamhrathúil d’aon chineál í straitéis ar ina leith a deir na daoine is mó a ndéantar difear dóibh ‘Cén fáth nár fhiafraigh sibh dínn?’ Is dá bharr sin ba cheart go mbeadh daoine atá ina gcónaí i bhFine Gall dóchasach faoin gcaoi a n-éireoidh leis an straitéis seo: Fiafraíodh dínne, an déimeagrafach. Chuathas i gcomhairle linn. Maith sibhse ar fad...” 

Age Friendly Strategy Launch Age Friendly Alliance

Tá an Straitéis bunaithe ar cheithre cholún théamacha a léiríonn guth daoine breacaosta:
•    Sláinte agus Folláine
•    Soghluaisteacht agus Inrochtaineacht
•    Comharsanachtaí Sábháilte Tarraingteacha
•    Faisnéis agus Rannpháirtíocht
Brúfaidh an Comhaontas comhlíonadh na ngealltanas chun cinn trí phlean gníomhaíochta cuimsitheach agus trí thuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn, rud a chinnteoidh cuntasacht agus tionchar.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ní creat beartais amháin atá sa Straitéis seo; tá sí ina gealltanas freisin. Tá sí ina gealltanas dár gcónaitheoirí breacaosta go leanfar d’aitheantas, meas agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tá sí ina gealltanas do na glúnta atá le teacht go mbeidh dínit, deiseanna agus muintearas ag gabháil le dul in aois i bhFine Gall. Cinntítear léi go bhfanfaidh Fine Gall ina háit ina nglactar leis an dul in aois, seachas ina háit ina mbítear buartha faoi sin, agus go bhfanfaidh sí ina háit inar féidir le gach saoránach maireachtáil le cuspóir, le bród agus le féidearthachtaí, beag beann ar aois.”

Age Friendly Strategy Launch

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ós é an phríomhghníomhaireacht comhordúcháin don Chlár Aoisbhá i bhFine Gall é, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhaontas Aoisbhá Fhine Gall as a chuid oibre agus tiomantais maidir leis an Straitéis seo a fhorbairt agus a chur i gcrích, rud a bhraitheann ar chomhoibriú láidir idir gníomhaireachtaí, earnálacha agus pobail. Leis an Straitéis, cinnteofar go bhfanfaidh Fine Gall ina háit ina mbíonn meas ar dhaoine breacaosta, ina gcuirtear san áireamh iad agus ina bhfuil siad cumhachtaithe chun saol bríoch a mhaireachtáil.”
Agus í bunaithe ar thaighde dian agus ar chomhairliúchán fiúntach, is amhlaidh le Straitéis Aoisbhá Fhine Gall a shainaithnítear na fíordhúshláin a bhíonn le sárú ag daoine breacaosta sa lá atá inniu ann agus a fhreagraítear do na dúshláin sin trí Phlean Gníomhaíochta comhordaithe ilghníomhaireachta. Treisítear léi ceannaireacht Fhine Gall maidir le nuálaíocht aoisbhá a chur chun cinn trí chomhoibriú agus trí chomhpháirtíocht dhílis le cónaitheoirí breacaosta.
Nasc chuig an Straitéis: Straitéis Aoisbhá Fhine Gall 2026-2030

 

Straitéis Aoisbhá Fhine Gall 2026-2030