Dámhachtain Cónaitheachta Priontála Mínealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus Stiúideo Grafach 2023
Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath ag tairiscint dhá chónaitheacht i bpriontáil mínealaíne d’ealaíontóirí gairmiúla ag céim ar bith dá ngairmeacha beatha, ag obair in aon disciplín, ar spéis leo próisis phriontála a fhiosrú.