An Chomhairle agus an Cumann Tráchtála ag obair chun naisc le Stát Washington a neartú

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Lucht Tráchtála Fhine Gall an caidreamh a bunaíodh le linn turas gnó le déanaí a neartú

Members of the Fingal Leadership Delegation pictured outside the corporate headquarters of Microsoft in Redmond Campus, Washington State.

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Lucht  Tráchtála Fhine Gall an caidreamh a bunaíodh le linn turas gnó le déanaí  a neartú chun deiseanna eacnamaíocha, an oideachais agus na turasóireachta a chur le chéile idir Fine Gall agus Stát Washington.

Tar éis do thoscaireacht ó Seattle cuairt a thabhairt ar Éirinn sa bhliain 2019, thug toscaireacht ceannaireachta, ar a raibh ionadaithe ó Chomhairle Contae Fhine Gall, ó Chumann Tráchtála Fhine Gall, ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, cuairt ar Mheiriceá Thiar Thuaidh le déanaí agus thionóil siad sraith cruinnithe ar ard-leibhéal le hoifigigh, coláistí agus cuideachtaí sna cathracha Seattle, Bellevue agus Des Moines i Stát Washington.

Sna míonna amach romhainn, déanfaidh an Chomhairle, an Cumann Tráchtála agus na Coláistí obair leantach ar na deiseanna a pléadh le hionadaithe na n-eagraíochtaí éagsúla i Seattle maidir le turasóireacht, malartú cultúrtha, fuinneamh in-athnuaite, an teicneolaíocht ghlan, an geilleagar ciorclach, oideachas agus oiliúint agus an claochlú digiteach.

Mar thoradh ar chuairt rathúil na toscaireachta, tá súil ar neartú na naisc trí thionscadail chomhoibríocha chun cur le timpeallachtaí eacnamaíocha na háite agus an phobail i bhFine Gall agus i Stát Washington.

B'iad Méara Fhine Gall ag dul as oifig, an Comhairleoir Howard Mahony, agus Leas-Uachtarán Chumann Tráchtála Fhine Gall, Kevin Smith, a bhí i gceannas ar thoscaireacht Fhine Gall. Ina dteannta bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála Fhine Gall Anthony Cooney agus Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Daire Keogh.

Mar chuid den toscaireacht freisin bhí an Comhairleoir Darragh Butler, Cathaoirleach Choiste Beartais Straitéiseach na Forbartha Eacnamaíochta, an Fhiontair, na Turasóireachta agus an Chultúir de chuid na Comhairle chomh maith le hoifigigh ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus ó Chumann Tráchtála Fhine Gall agus ionadaithe ó OCBÁC, ó OT Bhaile Átha Cliath, ó Skillnet agus ó ghnólachtaí atá bainte le Cumann Tráchtála Fhine Gall.

Bhuail an toscaireacht le Greg Wong, Leas-Mhéara Seattle;, Lynne Robinson, Méara Bellevue; agus Matt Mahoney, Méara Des Moines. I measc na n-ábhar a pléadh, bhí an turasóireacht, an fhorbairt eacnamaíoch, na healaíona, an tithíocht, an t-iompar agus saincheisteanna sóisialta.

Tionóladh cruinnithe freisin le Microsoft, Riot Games, Greater Seattle Partners, Seattle Port Authority, CleanTech Alliance, Downtown Seattle Association, Visit Seattle, Sound Transit, Ollscoil Washington agus Coláiste Highline.

Ag féachaint siar dó ar an turas, dúirt an Comhairleoir Howard Mahony: “Is cinnte gur chuireamar naisc iontacha le chéile. Ó thaobh an ghnó de, bainfidh Fine Gall leas as an méid a ndearnadh. Dhíolamar Fine Gall mar bhranda. Ceapaim go n-éireoimid go maith as seo mar chontae.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá mórán cosúlachtaí agus nasc idir Fine Gall agus an chuid seo de Mheiriceá agus, mar thoradh air sin, d'foghlaim an toscaireacht an-chuid thar raon leathan na n-ábhar. Is mian linn cur leis na caidrimh atá bunaithe againn agus tionscadail a lorg inar féidir linn comhoibriú a dhéanamh ar mhaithe leis an dá phobal.”

Dar le Leas-Uachtarán Chumann Tráchtála Fhine Gall, Kevin Smith: “Táimid dírithe ar leas a bhaint as na naisc láidre a bunaíodh agus as tuilleadh comhroinnt an  eolais a leanúint, go háirithe maidir le tionscnaimh a mbaineann le teacht aniar ó phaindéim an Covid-19. Is dóigh linn gur féidir linn dul chun cinn suntasach a bhaint amach  le chéile san fhorbairt eacnamaíoch, sa nuálaíocht agus sa turasóireacht.”

Dúirt Anthony Cooney, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála Fhine Gall: “Ba mhór an t-áthas a chuir sé orainn na naisc againn le Stát Washington a neartú agus na deiseanna spreagúla atá amach romhainn a thapú. Tríd an gcomhoibriú a chothú in earnálacha mar an oideachas, mar an teicneolaíocht ghlan, agus mar an ngeilleagar ciorclach, is féidir linn fás inbhuanaithe a chur ar aghaidh agus ré rathúil a chruthú d'Fhine Gall agus do Stát Washington araon.”