Bóithre agus Taisteal

Freagairt éigeandála ar theagmhais tuilte

Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Is iomaí rud is cúis le tuilte. An aimsir, bruacha abhann ag cur thar maoil, stoirmeacha i gceantair le cósta, nó díoga draenála a bheith blocáilte nó a bheith ag cur thar maoil. 

Tuilte a Thuairisciú le linn Uaireanta Oifige 

I gcás tuilte tromchúiseacha e bharr drochaimsire, ar nós báisteach throm agus stoirmeacha, ba cheart duit an méid sin a thuairisciú dár Roinn Oibríochtaí.

Teileafón
Ceantar Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad (01) 8704599
Ceantar Mhullach Íde/Bhinn Éadair (01) 8906260
Ceantar Bhaile Brigín/Shord  (01) 8905596

Ríomhphost
Ceantar Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad       [email protected]  
Ceantar Bhaile Brigín/Shord                                [email protected]
Ceantar Mhullach Íde/Bhinn Éadair                     [email protected]

Más fadhb leis an séarachas is cúis le tuilte, ba cheart duit an méid sin a thuairisciú d'Uisce Éireann trí ghlaoch ar 1890 278 278.

 

Tuilte a Thuairisciú le linn Uaireanta nach Uaireanta Oifige iad

 

Sa chás go mbíonn tuilte ann ag amanna nach mbíonn an oifig ar oscailt, déan teagmháil le (01) 8905000.

 

Cuimhnigh ar an méid seo

Ná siúil agus ná tiomáin trí thuilte go brách. D'fhéadfadh bacanna a bheith faoin uisce a d'fhágfadh duine gortaithe. D'fhéadfadh uisce a bheith truaillithe agus dochar a dhéanamh do do shláinte.