Comhairle Contae Fhine Gall, Tyrone Guthrie Centre agus Gradam Cónaitheachta Fhéile Bealtaine 2022

Fingal County Council, Tyrone Guthrie Centre and Bealtaine Festival Residency Award 2022

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Tyrone Guthrie Centre agus Féile na Bealtaine, dhá chónaitheacht tionscnaimh, ar feadh míosa, a fhógairt sa Tyrone Guthrie Centre le linn Bealtaine 2022. Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí seo ómós a thabhairt d'ealaíontóirí níos sine agus tacú leo ag gach céim dá ngairmeacha beatha ag obair sa litríocht agus sna hamharcealaíona.

Tabharfaidh na cónaitheachtaí deis don amharcealaíontóir gairmiúil agus don scríbhneoir gairmiúil taighde a dhéanamh nó saothar nua a fhorbairt maidir le téama Fhéile na Bealtaine, ‘Idirspleáchas,’ agus an deis, más mian leo, saothar a chur i láthair le linn Bealtaine 2023. Tá an gradam oscailte do scríbhneoirí agus físealaíontóirí a oibríonn i ngach disciplín, 50+ bliain d'aois, a rugadh, a rinne staidéar, nó a bhfuil cónaí orthu faoi láthair i limistéar riaracháin Fhine Gall. Fáiltíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall, Tyrone Guthrie Centre agus Féile na Bealtaine roimh iarratais ó ealaíontóirí ó chúlraí cultúrtha nó mionlaigh éagsúla.

Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí aghaidh a thabhairt ar spriocanna Ealaíon Fhine Gall, trína Phlean Ealaíon 2020 – 2025, maidir le: daoine agus smaointe a nascadh; sármhaitheas a chumasú agus tástáil agus fiontraíocht a chothú. Tacaíonn na cónaitheachtaí seo chomh maith le haidhm Fhéilte Bealtaine ceiliúradh a dhéanamh ar aosú cruthaitheach, agus ionadaíocht sna healaíona ag daoine aosta. Tacaíonn an tionscnamh seo freisin leis na trí eagraíocht a bhfuil sé mar aidhm acu forbairt ghairmiúil ealaíontóirí a chothú ina gcleachtas leanúnach.

Cuirfidh an chónaitheacht míosa sa Tyrone Guthrie Centre, atá lonnaithe i suíomh álainn, suaimhneach Chontae Mhuineacháin, timpeallacht iontach ar fáil do na hiarrthóirí rathúla ionas go mbeidh siad in ann díriú ar thaighde nó ar fhorbairt saothair nua.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, “Cuirim fáilte roimh an deis nua seo d’ealaíontóirí níos sine oibriú sa suíomh iontach seo agus samhlaítear go mbeidh an gradam seo ina bhuntáiste mór dóibh ag tabhairt am agus acmhainní dóibh triail a bhaint as smaointe nua.”

Ag labhairt di faoin ngradam, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Mar chuid de thiomantas leanúnach na Comhairle d’ealaíontóirí gairmiúla, tá an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht le Tyrone Guthrie Centre agus Féile na Bealtaine ar an tionscnamh nua cónaitheachta seo a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le healaíontóirí níos sine ó Fhine Gall ó gach cúlra éagsúil agus iad a cheiliúradh.”

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Emer O’ Gorman, “Tá an Chomhairle tiomanta do dheiseanna d’ealaíontóirí a spreagadh agus a chothú agus tá bród uirthi tacú leis an deis spreagúil nua seo.”

Beidh an chónaitheacht ar siúl ón 1 Bealtaine – 31 Bealtaine 2022. Dé hAoine an 25 Márta 2022 ag 4pm an dáta deiridh chun iarratais a fháil.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh téigh chuig www.fingalarts.ie/newswww.fingal.ie/arts

www.tyroneguthrie.ie                             www.bealtainefestival.ie