Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall 2022 – #InviteIncludeInvolve
Tá rud éigin do chách sa chlár iontach atá beartaithe don cheathrú Seachtain an Chuimsithe Fhine Gall le breis agus 100 imeacht ar siúl ar fud an Chontae. Is tionscnamh de chuid Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le hOifigeach Imeasctha Fhine Gall agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall í an tseachtain seo, a bheidh ar siúl ón 14 Samhain go dtí an 20 Samhain.