Nuashonrú ar Chonairí Digiteacha Fionnachtana Chaisleán Cnucha agus Bhaile Brigín Seolta!

Bhí ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Fáilte Éireann agus Peel X, dhá chonair nua oidhreachta digiteacha a sheoladh do Chaisleán Cnucha agus do Bhaile Brigín atá beo anois ar aip Chonairí Fionnachtana Bhaile Átha Cliath!

Mayor of Fingal, Cllr. Adrian Henchy during the launch of the Dublin Discovery Digital Trails During Heritage Week

Bhí seoladh na gconairí oidhreachta digiteacha ar siúl i Halla an Chontae i Sord Dé Luain an 14 Lúnasa mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. I láthair ag an seoladh bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ethna Felten, Comhairleoirí Contae Fhine Gall Tony Murphy, Karen Power agus Gráinne Maguire, baill de phobail stairiúla, oidhreachta, turasóireachta agus Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín agus Chaisleán Cnucha, ionadaithe Fáilte Éireann agus an t-amhránaí cáiliúil R&B Soulé ó Bhaile Brigín.

Tugann an dá chonair dhigiteach nua beocht d'oidhreacht stairiúil agus chultúrtha na gceantar seo trí theicneolaíocht fhaisnéiseach atá cumasaithe ag GPS. Tá an aip saor in aisce le híoslódáil agus tugann sí spreagadh d'úsáideoirí níos mó a fhoghlaim faoi stair, cultúr, finscéalta, imeachtaí suntasacha agus daoine a mhúnlaigh Caisleán Cnucha agus Baile Brigín. Baineann an aip úsáid as beochan, tráchtaireacht agus Réaltacht Bhreisithe (AR), chun eispéireas tumthach taitneamhach a chruthú!

Dublin Digital Trails Launch 2023

Ag labhairt dó ag an seoladh, mhol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy an aip, agus dúirt sé “Nascann an aip seo teicneolaíocht atá éasca le húsáid le taighde stairiúil, rud a ligeann dúinn go léir tuilleadh eolais a ghlacadh isteach níos tapúla, níos éasca, agus ar bhealach i bhfad níos taitneamhaí. Táim ag súil go mór le dul amach agus í a úsáid arís!”

Dúirt an Leas-Phríomhfheidhmeannach, Ethna Felten, “Gan dabht is sócmhainn iontach í an aip seo agus beidh sí ar fáil le linn na Seachtaine Oidhreachta. Cuirfidh na conairí digiteacha cuairteoirí chomh maith lenár bpobail áitiúla ar an eolas faoi stair agus cultúr saibhir na mbailte seo.”

Tá aip Conairí Fionnachtana Bhaile Átha Cliath ar fáil ar iOS agus Android araon, agus tá conairí Chaisleán Cnucha agus Bhaile Brigín beo anois laistigh den aip saor in aisce. Tá an aip dírithe ar chónaitheoirí ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoina gceantair, chomh maith le turasóirí ar mhaith leo dul i ngleic le stair chultúrtha agus oidhreacht na gceantar seo ar bhealach spraíúil agus inrochtana.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin aip seo, téigh chuig:

 

https://apps.apple.com/by/app/dublin-discovery-trails/id1659992838 (Apple iOS)

 

https://play.google.com/store/apps/details?id=co.uk.peelinteractive.dublindiscoverytrails (Google Play Store)

 

 

Soule at Dublin Digital Trails Launch
Castleknock and Balbriggan Heritage Trails Launch Community