Déan Spás ag Draíocht

Tugtar cuireadh do leanaí agus dá gcúramóirí am le chéile a iniúchadh agus a chaitheamh sa spás súgartha céadfach álainn seo do leanaí 3 bliana d’aois agus níos sine atá deartha chun éagsúlacht ábhar a iniúchadh (adhmad, cloch, gaineamh, scátháin, marla, fabraic) agus próisis (fíodóireacht, ag breacadh, ag tarraingt, ag déanamh, ag socrú).

Tá Cruinniú na nÓg 2022 á reáchtáil ar an 11 Meitheamh i mbliana agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le healaín in oideachas luath-óige, tá Comhairle Contae Fhine Gall, Draíocht agus Éire Ildánach ag obair leis na hoideoirí ealaíne a bhfuil beart taithí acu, Anne Bradley agus Anne Cradden, chun Make Space a chur i láthair, spás saibhir do leanaí agus teaghlaigh chun tairbhe a bhaint as spraoi céadfach.

Make Space deartha ag Anne Bradley chun deis a thabhairt do leanaí scrúdú a dhéanamh ar ábhair éagsúla - adhmad, cloch, gaineamh, scátháin, marla, fabraic - agus próisis - fíodóireacht, trilseánú, doirteadh, marc-chruthú, samhaildéantóireacht, cóiriú, breathnóireacht, athchóiriú. Tá áit smaointeach, mhachnamhach á soláthar a spreagann leanaí agus daoine fásta chun scrúdú a dhéanamh ar ábhair nádúrtha éagsúla agus a gcáilíochtaí fisiciúla a chur san áireamh: meáchan, uigeacht, dath, fuaim. Tugtar cuireadh do rannpháirtithe a machnamh a dhéanamh ar an ról atá ag na hábhair seo sa timpeallacht nádúrtha agus thógtha mórthimpeall orainn. Spreagtar na rannpháirtithe chun saintréithe na n-ábhar a ionramháil agus a scrúdú trí dhoirteadh, fíodóireacht, rianú, marc-chruthú agus cóiriú.

Beidh an t-ealaíontóir agus oideoir, Anne Cradden, i láthair chun leanaí a threorú agus a spreagadh chun na hábhair a scrúdú.

Soláthraíonn an spás áit chun taitneamh a bhaint as spraoi suaimhneach, oscailte, roinnte mar aon leis an deis tamall a chaitheamh i mbun comhrá ciúin, machnamhach.

 

Caith tamall ag Spraoi go Cruthaitheach leis an ealaíontóir Anne Cradden!

 

Dátaí & Amanna Ceardlainne

Dé Sathairn, an 11 Meitheamh

10.30am - 12pm agus 1pm - 2.30pm

 

Dé Céadaoin, an 15 Meitheamh

10.30am - 12pm agus 1pm - 2.30pm

 

Dé Sathairn, an 18 Meitheamh

10.30am - 12pm agus 1pm - 2.30pm

 

Suíomh

Draíocht Bhaile Bhlainséir

 

Aois

3 bliana d’aois agus níos sine i dteannta lena dteaghlaigh

 

Áirithintí

Glacann Draíocht le háirithintí ag an ionad, tríd an teileafón agus ar líne.

 

Oifig na dTicéad: Teil: 01 885 2622

Uaireanta Oscailte - Luan go Satharn, 10am – 6pm

Nó ar líne ag www.draiocht.ie

 

Beidh an spás seo oscailte don phobal freisin ón Satharn, an 11 Meitheamh go dtí an Aoine, an 24 Meitheamh, i rith uaireanta oscailte na dánlainne.

 

Is oideoir í Anne Bradley agus tá neart taithí aici ar chleachtas ealaíon. Is múinteoir bunscoile í agus tá sí ag obair le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, agus tá spéis aici i gcuir chuige nuálacha agus chruthaitheacha oideolaíocha.

Is cleachtóir luathbhlianta í Anne Cradden a bhfuil neart taithí aici agus le sé bliana anuas tá sí ag obair mar ealaíontóir cónaithe in ETNS Bhaile an Tirialaigh mar chuid de Room 13 Inquiry nuálach Chomhairle Contae Fhine Gall, áit a raibh sí ag comhoibriú leis na leanaí i gcleachtas stiúideo roinnte.

Ba í Anne Bradley a dhear Make Space ar dtús in 2019 mar sheomra freagartha do Elemental - taispeántas dealbhóireachta do leanaí leis na healaíontóirí Caoimhe Kilfeather agus Karl Burke, coimeádta ag Cleo Fagan ó Superprojects, a taispeánadh ag Uilinn in An Sciobairín Co. Chorcaí, agus ag VISUAL, Ceatharlach. Tá Make Space á chur ar fáil anois trí Oifig Ealaíon Fhine Gall agus Draíocht mar chuid de Chruinniú na nÓg 2022, le maoiniú ó Éire Ildánach.

 

Make Space