Comhairliúchán Chuid XI maidir le Clós Súgartha Poiblí ag Lóiste an Labhrais, Caisleán Cnucha

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhairliúchán poiblí ar an 9ú Samhain, maidir le hiarratas pleanála Chuid XI le haghaidh Clós Súgartha Poiblí ag Lóiste an Labhrais, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15.

Laurel Lodge Aerial View.jpg

CLÓS SÚGARTHA POIBLÍ LÓISTE AN LABHRAIS

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhairliúchán poiblí ar an 9ú Samhain, maidir le hiarratas pleanála Chuid XI le haghaidh Clós Súgartha Poiblí ag Lóiste an Labhrais, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15. Áirítear leis na hoibreacha feabhsúcháin atá beartaithe clós súgartha thart ar 400m2 a fhorbairt a thógfar i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le dearadh uilíoch, tírdhreachú lena n-áirítear plandú crann agus páirceáil rothair a sholáthar.

Tá na pleananna le feiceáil ag oifigí na Comhairle i Sord agus i mBaile Bhlainséir agus ag https://consult.fingal.ie/en/browse.

Fáiltítear roimh aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an bhforbairt atá beartaithe trí Thairseach Chomhairliúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall ag https://consult.fingal.ie/en/browse nó tríd an bpost chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Straitéiseach, An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath K67 X8Y2.

 

Is é an 21ú Nollaig, 2023 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí