Tairiscint eisithe le haghaidh foirgneamh íocónach a thógáil laistigh de Cheathrú Chultúrtha Shoird

Baineadh garsprioc mór i dTionscadal Cultúrtha Sord amach nuair a foilsíodh an tairiscint don fhoirgneamh íocónach ina mbeidh leabharlann contae, amharclann, gailearaí, spásanna ealaíon, spás déantóirí agus caifé ar fáil.

Seo an chéim is déanaí i bpróiseas na tairisceana atá ar bun le roinnt míonna anuas agus tá na freagraí uirthi le cur isteach i mí Feabhra seo chugainn. Beidh tréimhse chuimsitheach na meastóireachta ar siúl ina dhiaidh sin sula mbronnfar an tairiscint agus sula síneofar na conarthaí. Ceaptar go gcuirfear tús le tógáil i R2 na bliana 2024 agus go n-osclófaran foirgneamh nua sa bhliain 2026.

Tá na hoibreacha cumasúcháin riachtanacha ar siúl faoi láthair ar an suíomh ag acomhal na Sráide Thuaidh agus Bóthar Bhaile na Mara lena ullmhú don chéim tógála.

Tá dhá theach déag ar an taobh eile de Bhóthar Bhaile na Mara le scartáil agus cuirfear 36 teach nua ina n-áit in dhá bhloc le 20 agus le 16 iontu faoi seach. Tá 13 teach nua eile le tógáil ar an tSráid Thuaidh mar chuid den athbheochan ar an gcuid seo de Sord.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Is céim thábhachtach eile é seo i dtionscadal Cheathrú Chultúrtha Shoird. Beidh an foirgneamh seo ina lárionad an eolais, na ealaíona agus an chultúir do Shoird agus d’Fhine Gall agus é dírithe go géar ar an duiine agus ar an taithí a thiocfaidh as agus, trí chlár nua-aimseartha, dinimiciúil agus spreagthacha imeachtaí agus gníomhaíochtaí an oideachais a sheachadadh, go n-éireodh sé ina cheann scríbe do phobal na háite agus do chuairteoirí.”

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Ón lá ar fógraíodh an tionscadal seo don chéad uair, bhíomar ag díriú gcónaí ar á sheachadadh. Ciallaíonn teacht ar chéim na thairisceanna go bhfuilimid níos gaire anois dá thógáil agus do phríomhchuid de bhonneagair an phobail a chur ar fáil do Shoird agus d’Fhine Gall i gcoitinne.”

Séard atá i gCeathrú Cultúrtha Shoird ná achar 3.89 acra timpeall ar acomhal na Sráide Thuaidh, Bóthar Bhaile na Mara, Sráid an Droichid agus na Príomhshráid leis an bhfoirgneamh nua arna dhearadh ag na hAiltirí mór-le-rá O’Donnell agus Tuomey ina mbeidh Leabharlann Contae nua 3,000m2, gailearaí ealaíne agus spás taispeántais, caifé, limistéar cathartha, stiúideonna agus seomraí cleachtaidh, agus amharclann an Black Box, a d’fhéadfadh freastal ar lucht féachana idir 165 agus 360 ag brath ar ar chineál na himeachta.

Tabharfaidh an leabharlann nua, a bheidh seacht n-uaire níos mó ná an ceann reatha, an deis sraith iomlán seirbhísí na leabharlainne a chur ar fáil do mhuintir Shoird don chéad uair. I dteannta le méadú mór ar stoc na leabhar, áireofar sa leabharlann nua rannóg na Staidéar Áitiúil agus na Cartlainne, chomh maith le Spás Déantóra, spás staidéir, limistéir na léitheoireachta agus na n-imeachtaí agus seomraí cruinnithe a chur ar fáil.

Idir an dá linn, tá an obair ar Leabharlann Shaor Carnegie ar an tSráid Thuaidh, atá á mhaoiniú i bpáirt trí dheontas ó Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, ar tí críochnú.

I measc na n-oibreacha athchóirithe agus caomhnaithe, ta síneadh nua dhá stór la tógáil ar thaobh an fhoirgnimh chun seirbhísí nua a éascú agus chun an rochtain do chách a fheabhsú. Cuirfidh an tionscadal spásanna oibre agus mol na cruthaitheachta leis an solúbthacht aige ar fáil do raon gníomhaíochtaí an pobail agus na healaíne lena n-áirítear iad siúd an chleachtaidh agus an léirithe.

Tá céim trí na n-oibreacha ar siúl ar Chaisleán Shoird chomh maith agus tá trí ghné ann, siad sin an deisiúcháin ar a chuid shaoirseachta stairiúla den scoth, ar uasghrádú an tírdhreachaith, agus ar uasghrádú an leictriúcháin.

Tá tionscadal Cheathrú Chultúrtha Shoird ar cheann den 16 acu i Straitéis Inbhuanaithe Shoird atá mar phríomhchuid phlean Chomhairle Contae Fhine Gall d'fhonn a chinntiú, de réir mar a leanann Sord ag fás, go leathnaíonn an baile go hinbhuanaithe ina phríomhbhaile contae dea-dheartha. Díreoidh sé ar aisiompú a dhéanamh ar an mbogadh ón bPríomhshráid, stairiúil  ar cuireadh tús leis go luath i mblianta na 2000idí, ionas go n-éascófar áit níos fearr agus lár baile níos athléimní a chruthú.

Tá tuilleadh eolais faoi Cheathrú Chultúrtha Shoird le feiceáil ag to www.fingal.ie/swordsculturalquarter

 

CRÍOCH