Comhairliúchán Cuid XI Oibreacha Feabhsúcháin Pháirc na Coirre Duibhe, Bóthar na Cúirte Duibhe, Baile Átha Cliath 15.

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhairliúchán poiblí ar an 9ú Samhain, maidir le hiarratas pleanála Chuid XI d’Oibreacha Feabhsúcháin Pháirc na Coirre Duibhe, Bóthar na Cúirte Duibhe, Baile Átha Cliath 15.

Corduff Aerial View.jpg

Comhairliúchán Cuid XI Oibreacha Feabhsúcháin Pháirc na Coirre Duibhe

Nóta: Cuireadh síneadh ama leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí go dtí an 12ú Eanáir, 2024

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhairliúchán poiblí ar an 9ú Samhain, maidir le hiarratas pleanála Chuid XI d’Oibreacha Feabhsúcháin Pháirc na Coirre Duibhe, Bóthar na Cúirte Duibhe, Baile Átha Cliath 15.

I measc na n-oibreacha feabhsúcháin atá beartaithe tá síneadh agus athdhromchlú ar an bpáirc uile-aimsire atá ann cheana go dtí páirc sacair 3G lánmhéide, páirceáil nua agus páirceáil rothair a fhorbairt ar fud na páirce agus clós súgartha poiblí nua a fhorbairt le tírdhreachú agus rochtain fheabhsaithe.

Is féidir na pleananna a fheiceáil ag oifigí na Comhairle i Sord agus i mBaile Bhlainséir agus ag https://consult.fingal.ie/en/browse.

Fáiltítear roimh aighneachtaí nó barúlacha maidir leis an bhforbairt atá beartaithe trí Thairseach Chomhairliúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall ag https://consult.fingal.ie/en/browse nó tríd an bpost chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Straitéiseach, An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath K67 X8Y2.

Tá síneadh ama curtha leis an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ón 21ú Nollaig, 2023 agus is é an dáta deiridh nua le haghaidh aighneachtaí ná Dé hAoine, an 12ú Eanáir, 2024