141 - 150 of 3298 results
Seachtain an Aosaithe Dhearfaigh 2025
Beidh Seachtain an Aosaithe Dhearfaigh 2025 ar siúl ón 29 Meán Fómhair go dtí an 3 Deireadh Fómhair, ag díriú ar Dhúshlán a thabhairt don Uaigneas trí nasc, cuimsiú agus folláine a spreagadh i measc daoine scothaosta.
Agus níos lú ná mí idir seo agus an Nollaig, tar linn agus bí páirteach in imeachtaí ceiliúrtha Fhine Gall!
De réir mar a thagann fuacht géar an gheimhridh i réim, tá Fine Gall réidh le fáilte a chur roimh shéasúr na Nollag – rud a fhágann gur tráth iontach é seo chun ár gClár Nollag don bhliain 2025 a chur i láthair.
Páirceáil Nollag Saor in Aisce ar feadh 3 Shatharn
Páirceáil saor in aisce ag Íoc agus Taispeáin i mBaile Brigín, An Ros, Na Sceirí, Sord agus i Mullach Íde, Carrchlós Ghort an Droichid amháin ar feadh 3 Shatharn i mí na Nollag
Breis agus 30 ceolchoirm ar siúl ar fud Fhine Gall mar chuid de TradFest 2026
Tugann an fhéile ceoil thraidisiúnta agus tíre is mó in Éirinn cuireadh do lucht féachana scoth an cheoil bheo a bhlaiseadh i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall. Tá ticéid do TradFest 2026 ar fáil ó www.tradfest.com
Tugann an Feachtas ‘Soilse do Rothair’ Rothaíocht Níos Sábháilte i mBaile Átha Cliath chun Solais
I gcomhthráth le tráthnónta an gheimhridh a bheith ag éirí níos dorcha, tá ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath tar éis teacht le chéile chun feachtas mór sábháilteachta ar bhóithre a sheoladh, mar atá ‘Soilse do Rothair’. San fheachtas sin, tugtar spreagadh do rothaithe ar fud an réigiúin soilse tosaigh agus cúil a úsáid chun fanacht infheicthe agus sábháilte ar na bóithre.
Seoladh an feachtas an 20 Samhain i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus an Comh. Ray McAdam, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comh. Pamela Kearns, Méara Átha Cliath Theas, an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus an Comh. Jim Gildea, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, ag teacht le chéile i léiriú aontachta ar son na sábháilteachta ar bhóithre ar fud Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Soláthar d’Ionaid Fónta Pobail (Ionaid Athchúrsála)
Féile Tine Fhine Gall
Tá Féile na Tine Fhine Gall ar ais, le himeachtaí saor in aisce ar an Luan, 31 Deireadh Fómhair i bPáirc Bhaile Shoird, i gCaisleán Mhullach Íde, i bPáirc na Mílaoise agus i gCaisleán Bhrí Mhór. Tosóidh Dioscó Uaigneach ar a 7.00pm agus tiocfaidh taispeántas tinte ealaíne draíochtúil ina dhiaidh sin agus é beartaithe le pléascadh sa spéir na hoíche ar a 7:30pm i ngach ceithre áit
Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall, i gcomhpháirt le Graphic Studio Dublin, an bheirt fhaighteoirí dámhachtana cónaitheachta don bhliain 2025.
Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Graphic Studio Dublin, a fhógairt gurb iad Mark Ryan agus Kriti Khatri, ealaíontóirí atá lonnaithe i bhFine Gall, faighteoirí na Dámhachtana Cónaitheachta Prionta Mínealaíne don bhliain 2025
Ceadaíonn comhairleoirí buiséad is fiú €433m don bhliain 2026
Tá comhairleoirí tar éis buiséad Chomhairle Contae Fhine Gall don bhliain 2026 a cheadú. Is ionann an buiséad agus €433 mhilliún, rud a dhéanfaidh cáilíocht na seirbhísí atá á soláthar a chothú agus a fheabhsú agus a mhéadóidh an cistiú le haghaidh tionscadail bhonneagair ar fud an chontae.