Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall, i gcomhpháirt le Graphic Studio Dublin, an bheirt fhaighteoirí dámhachtana cónaitheachta don bhliain 2025.

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Graphic Studio Dublin, a fhógairt gurb iad Mark Ryan agus Kriti Khatri, ealaíontóirí atá lonnaithe i bhFine Gall, faighteoirí na Dámhachtana Cónaitheachta Prionta Mínealaíne don bhliain 2025

Kriti Khatri and Mark Ryan

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Graphic Studio Dublin, a fhógairt gurb iad Mark Ryan agus Kriti Khatri, ealaíontóirí atá lonnaithe i bhFine Gall, faighteoirí na Dámhachtana Cónaitheachta Prionta Mínealaíne don bhliain 2025.

Leis an dámhachtain uathúil seo, tugtar deis do bheirt ealaíontóirí ag aon chéim dá ngairm in aon disciplín ealaíne an próiseas déanta priontaí a iniúchadh. Beidh deis ag Mark Ryan agus ag Kriti Khatri prionta mínealaíne a dhéanamh le treoir agus cúnamh ó Mháistirphrintéir agus ón bhfoireann ag Graphic Studio Dublin thar dhá sheachtain. Leis an gcónaitheacht, soláthrófar timpeallacht fhoirfe le haghaidh tionscadal cruthaitheach i ndéanamh priontaí a fhorbairt, mar aon le deis chun líonrú le healaíontóirí eile.

Dúirt Sarah O’Neil, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn a chloisteáil gur roghnaíodh Kriti Khatri agus Mark Ryan chun páirt a ghlacadh i ndámhachtain cónaitheachta prionta ealaíne Graphic Studio Dublin don bhliain 2025. Oibríonn an bheirt ealaíontóirí i meán na dealbhóireachta, agus táimid fiosrach faoina fheiceáil conas a fhreagróidh an chónaitheacht seo agus a chabhróidh sí lena gcleachtais chruthaitheacha a fhorbairt trí mheán an phrionta.” Ar an dámhachtain a fháil di, dúirt Kriti Khatri: “Is mór an onóir dom dámhachtain cónaitheachta prionta mínealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus Graphic Studio Dublin a fháil. A bhuí leis an deis seo, tugtar an spás dom chun an bhaint idir déanamh priontaí agus an riocht ábhartha a iniúchadh agus chun mo theagmháil le dromchla, le próiseas agus le scéalaíocht a dhoimhniú. Táim ag tnúth le foghlaim ó na máistirdhéantóirí priontaí agus le mo chleachtas a leathnú tríd an gcónaitheacht seo.”

 

Dúirt Mark Ryan, faighteoir: “Tá ríméad orm gur roghnaíodh mé. A bhuí le dámhachtain cónaitheachta prionta mínealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus Graphic Studio Dublin, beidh mé in ann dul sa seans agus cineálacha nua cur chuige a shaothrú, agus modheolaíochtaí agus meáin nua a fhoghlaim chun mo chuid smaointe a iniúchadh. Tabharfar deis dom léi mo chuid coincheap agus cineálacha cur chuige a iniúchadh i meán atá nua ar fad dom. Níl aon tuairim shoiléir agam ar na torthaí. Nílim ag cur aon ruda nithiúil don chónaitheacht ar aghaidh, seachas toilteanas le bheith turgnamhach agus mé féin a thumadh isteach i bpróiseas an déanta priontaí.”
 

Work by Kriti Khatri

Teideal íomhá: Saothar le Kriti Khatri

Maidir leis na healaíontóirí:


Amharc-ealaíontóir agus oideoir ealaíne atá lonnaithe i Lusca, Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh, is ea Kriti Khatri. Tá a cleachtas ildisciplíneach fréamhaithe in iniúchadh atá bunaithe ar ábhair agus i ndéanamh teagmhálach, a chlúdaíonn líníocht, cré, snáithín, agus próisis thurgnamhacha phrionta amhail cianachló agus lionóilghearradh. Agus cúlra aici sa dealbhóireacht agus sa dearadh, déantar iniúchadh ina cuid saothar ar chuimhne, ar ábharthacht, agus ar na hinsintí ciúine atá leabaithe i ngnáth-dheasghnátha. Tá céim sa Mhínealaín (Dealbhóireacht) agus céim Máistreachta sa Dearadh (Dearadh Ceirmeach agus Gloine) ón India aici, agus chríochnaigh sí Máistir Gairmiúil san Oideachas (Ealaín agus Dearadh) sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath, le déanaí. Éascaíonn Kriti ceardlanna cruthaitheacha i suíomhanna pobail agus i suíomhanna oideachais aosach ar fud Fhine Gall freisi
 

Farmland line drawing 1 by Mark Ryan

Teideal íomhá: Líníocht líne talún feirme 1 le Mark Ryan

Dealbhóir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath is ea Mark Ryan. Rinne sé staidéar sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath, ón mbliain 1981 go dtí an bhliain 1986 agus bhain sé céim amach as. Oibríonn sé le hábhair éagsúla, lena n-áirítear cré, plástar, Jesmonite, cruach, cruach dhosmálta, agus cré-umha. Déanann sé táthú, filleadh agus múnlú. Tá éagsúlacht ann i scála a chuid saothar, ag clúdach saothair bheaga

dhlúthphearsanta agus dealbha mórscála sa ríocht phoiblí. Is iad an dáimh atá aige lena gharthimpeallacht agus a fhreagairt di túsphointe a chuid saothar. Mar dhealbhóir, tarraingíonn sé i dtrí thoise. Tá cuid de na saothair spásúil agus tá cuid eile níos athmhachnamhaí. Is sa riocht, san uigeacht agus sa chodarsnacht idir scála agus bailchríoch na nithe a bhfuil dúspéis aige iontu. Tá cáilíochtaí callagrafacha ag baint le formhór a shaothar mórscála, ina ndírítear ar thoirt agus spás a ghabháil, ar an teagmháil is éadroime agus ar chothromaíocht a bhaint amach idir spásanna dearfacha agus spásanna diúltacha. Ina lán cásanna, baintear é sin amach trí ábhair a fhoirmiú trí phróiseas rollta nó fillte. Tá saothair dá chuid ar áireamh ina lán bailiúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta.


Graphic studio Dublin:
Bunaíodh Graphic Studio Dublin sa bhliain 1960 chun meán an déanta priontaí a éascú agus a theagasc chun smaointe ealaíonta a chur in iúl agus chun forbairt cleachtas rathúil oibre a éascú d’ealaíontóirí trí gach céim dá ngairm. Soláthraímid saoráidí déanta priontaí agus cúnamh teicniúil i dtimpeallacht thacúil oibre lena gcuirtear ar chumas ealaíontóirí cleachtais rathúla oibre a fhorbairt agus tabhairt faoi mheán an déanta priontaí chun a gcleachtais ealaíne reatha a leathnú. Éascaíonn Graphic Studio Dublin na teicnící priontála seo a leanas: eitseáil, liteagrafaíocht, lionóilghearradh, turbhior, carbaram, greanadh adhmaid, uiscimir, cabhraíocht dhall, collagrafaíocht, litirphreas, meisitint, fóta-intaglio, agus priontáil scáileáin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
www.fingalarts.ie
www.fingal.ie/arts
https://graphicstudiodublin.com