Ceadaíonn comhairleoirí buiséad is fiú €433m don bhliain 2026
Tá comhairleoirí tar éis buiséad Chomhairle Contae Fhine Gall don bhliain 2026 a cheadú. Is ionann an buiséad agus €433 mhilliún, rud a dhéanfaidh cáilíocht na seirbhísí atá á soláthar a chothú agus a fheabhsú agus a mhéadóidh an cistiú le haghaidh tionscadail bhonneagair ar fud an chontae.
Tá buiséad na bliana 2026 11.4% níos airde ná buiséad na bliana seo caite, agus fágann sé gur tháinig méadú is mó ná a dhá oiread ar bhuiséad na Comhairle sna deich mbliana atá imithe thart, ó €214m sa bhliain 2016. Tá an Chomhairle ag caitheamh €1,311 in aghaidh gach duine atá ina gcónaí sa chontae anois.
Is é an toradh a bheidh ar an mbuiséad nua ná go dtiocfaidh méadú ar roinnt sruthanna ioncaim nár tháinig aon mhéadú orthu le roinnt blianta anuas, cé go bhfuil caiteachas na Comhairle níos mó ná dhá uair níos airde.
Maidir le Rátaí Tráchtála, atá freagrach as thart ar 40% den ioncam foriomlán don bhliain 2026, tiocfaidh méadú 4% orthu sa Luacháil Inrátáilte Bhliantúil, go 0.1868. I dtéarmaí réadacha, níor tháinig aon mhéadú ar rátaí le 15 bliana anuas, agus laghdú ag teacht ar bhillí do 75% d’íocóirí rátaí tar éis na hathluachála tréimhsiúla maoine tráchtála ar fud an chontae sa bhliain 2020. Tá an ráta boilscithe carnach ón mbliain 2020 i leith cothrom le thart ar 23%, agus níor tháinig aon mhéadú ar rátaí le linn na tréimhse sin chun coinneáil suas leis an mboilsciú.
Cé gur éascaíodh méadú 50% ar chothabháil tithe le buiséid i ndiaidh a chéile ón mbliain 2020 i leith, níor leasaíodh an scéim cíosanna difreálacha tithíochta ón mbliain 2013 i leith, agus an cíos íosta teaghlaigh ag fanacht ag €25 ón uair sin i leith. Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an scéim cíosanna difreálacha d’fhonn scéim nuashonraithe a chur chun feidhme sa dara ráithe den bhliain 2026. Mar sin de, beidh méadú ann ar chíosanna do thionóntaí na Comhairle. Mar sin féin, leanfaidh an scéim nua de choinneáil a dhéanamh ar liosta na bhfoinsí ioncaim nach gcuirtear san áireamh agus cíos á ríomh, amhail sochar leanaí agus liúntas breosla.
Tá méadú €24m tagtha ar an mbuiséad Tithíochta go €159.8m. Agus é cothrom le 37%, is é an réimse caiteachais is mó é toisc go leanann soláthar tithe ar fud gach tionachta de bheith ina shaincheist tosaíochta don Chomhairle. Áirítear leis an méadú sin €15.76m de chaiteachas breise ar sholáthar tithíochta trí Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe agus déantar soláthar leis do €1.7m sa bhreis i gcaiteachas ar chothabháil tithíochta, a mhéadaíonn go €17.3m, beagnach. Tá méadú €2.5m tagtha ar an gcistiú le haghaidh deontais tithíochta, go €9.4m, agus tá méadú €1.25m tagtha ar ranníocaíocht na Comhairle le Feidhmeannas Réigiúnach Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean, go €5.3m.
Tá méadú €3.5m ann ar an mbuiséad Oibríochtaí, rud lena n-áireofar caiteachas breise ar chothabháil bóithre, ar shoilsiú poiblí, ar pháirceanna, ar chlóis súgartha, ar ionaid athchúrsála, ar chuanta, ar leithris phoiblí agus ar ionaid adhlactha. Déantar soláthar leis an mbuiséad freisin do leithdháileadh breise €500,000 ar an gclár bliantúil oibreacha, agus an clár oibreacha
iomlán €3.08m curtha faoi bhráid gach Coiste Limistéir i mí Eanáir lena cheadú ag comhairleoirí.
Soláthraítear €600,000 breise i leith an riachtanais cistiúcháin a theastaíonn le haghaidh linn snámha a sholáthar i mBaile Brigín. Áirítear leis an mbuiséad spóirt freisin deontais caipitil spóirt is ionann agus €975,000.
Leithdháileadh €430,000 breise ar fhorbairt na n-ealaíon sa Chontae, agus tá méadú €588,000 ann le haghaidh imeachtaí, le haghaidh chur chun cinn na turasóireachta agus le haghaidh maoine oidhreachta. Áirítear €590,000 breise leis an mbuiséad Pobail. Leis sin, soláthrófar cistiú breise le haghaidh deontais phobail chomh maith le cistiú le haghaidh oibriú an ionaid pobail nua i mBaile Dúill.
€27.3m a bheidh i ranníocaíocht Chomhairle Contae Fhine Gall le reáchtáil Sheirbhís Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Is méadú €1.5m é sin i gcomparáid leis an mbliain 2025. Clúdófar an chuid eile de chostas na seirbhíse sa bhliain 2026, arb ionann é agus €139m, le ranníocaíochtaí ó thrí údarás áitiúla eile Bhaile Átha Cliath.
Ag cruinniú na Comhairle i mí Iúil, vótáil na comhairleoirí chun ráta na Cánach Maoine Áitiúla a laghdú faoi 5% don bhliain 2026 agus, i mí Dheireadh Fómhair, cheadaigh siad clár caipitil trí bliana ina bhfuil breis agus trí chéad tionscadal ar fiú €1.43 billiún san iomlán iad.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is ionann an buiséad €433m seo, arb é an buiséad is mó riamh é, agus €1,311 a bheith á chaitheamh ag an gComhairle in aghaidh gach duine atá ina gcónaí sa chontae. Mar aon lenár gClár Caipitil €1.43 billiún, tá an buiséad ina léiriú ar an méid ollmhór infheistíochta a theastaíonn chun coinneáil suas le daonra méadaitheach Fhine Gall. Caithfimid leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí, ag tógáil tithe, agus ag soláthar bonneagair toisc gur mhaith linn contae a thógáil a bhíonn ag freastal ar riachtanais a chónaitheoirí.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Táimid ag obair i gcomhar leis na comhaltaí tofa le dornán míonna anuas chun buiséad a fhorbairt atá i gcomhréir lenár gcur chuige stuama i leith bainistíocht airgeadais, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna do scála an tsoláthair atá ar bun againn faoi láthair ar fud an chontae chun é a thiontú ina áit iontach le cónaí ann agus le hobair ann dár gcónaitheoirí. Bíonn buiséid ina riachtanas ach ní bhíonn siad éasca riamh, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhairleoirí as a gcuid tacaíochta toisc go gcuireann sí ar chumas na Comhairle leanúint ar aghaidh ag fás ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de.”
Tá miondealú ar bhuiséad na bliana 2026 mar a leanas:
| Tithíocht agus Foirgníocht | €160m |
| Iompar de Bhóthar agus Sábháilteacht ar Bhóithre | €47m |
| Seirbhísí Uisce | €15m |
| Bainistíocht Forbartha | €40m |
| Seirbhísí Comhshaoil | €59m |
| Áineas agus Taitneamhacht | €85m |
| Talmhaíocht, Bia agus Muir | €2m |
| Seirbhísí Ilghnéitheacha | €25m |
| Iomlán | €433 |
Cliceáil anseo chun amharc ar chruinniú Buiséid na Comhairle