Agus níos lú ná mí idir seo agus an Nollaig, tar linn agus bí páirteach in imeachtaí ceiliúrtha Fhine Gall!

De réir mar a thagann fuacht géar an gheimhridh i réim, tá Fine Gall réidh le fáilte a chur roimh shéasúr na Nollag – rud a fhágann gur tráth iontach é seo chun ár gClár Nollag don bhliain 2025 a chur i láthair.

Discover a Christmas wonderland across Fingal this year

De réir mar a thagann fuacht géar an gheimhridh i réim, tá Fine Gall réidh le fáilte a chur roimh shéasúr na Nollag – rud a fhágann gur tráth iontach é seo chun ár gClár Nollag don bhliain 2025 a chur i láthair.
Tar isteach sa draíocht ag Margaí Nollag Chaisleán Shoird, rud a thosóidh lenár Searmanas Soilsithe Crainn Dé hAoine an 28 Samhain ag 6 p.m. Beidh na margaí ar siúl ag an imeacht íocónach ‘An Nollaig ag an gCaisleán’:

•    Dé hAoine an 28 Samhain | 3 p.m. – 8 p.m.
•    Dé Sathairn an 29 Samhain agus Dé Domhnaigh an 30 Samhain | 12 p.m. – 7 p.m.
•    Dé Sathairn an 6 Nollaig agus Dé Domhnaigh an 7 Nollaig | 12 p.m. – 7 p.m.

Bíodh scailtín fíona agus sólaistí séasúracha agat agus tú ag déanamh do bhealaigh trí rogha iontach stainníní ina mbeidh bronntanais lámhdhéanta, ealaín áitiúil, seodra, agus tairiscintí blasta ó tháirgeoirí áitiúla – idir shólaistí milse agus bhia te croíúil, agus a lán rudaí eile idir eatarthu. Líonfaidh ceol beo agus siamsaíocht an t-aer, agus fíor-atmaisféar Nollag á chruthú.
Agus do na leanaí beaga, beidh Daidí na Nollag agus a bhean chéile ag déanamh láithrithe speisialta i séipéal álainn an chaisleáin thar an dá dheireadh seachtaine atá romhainn (beidh deiseanna grianghraf ar fáil, faoi réir táille a íoc). Is é an bealach iontach é chun do cheiliúradh Nollag a thosú – beidh tú ag tacú le trádálaithe tallannacha áitiúla agus ag baint taitneamh as draíocht an tséasúir ag an am céanna!
 

Swords Castle is hosting a Christmas market with food, Santa and stores galore

Mar chuid den tionscnamh “In It Together”, lena dtugtar spreagadh do gach duine chun siopadóireacht a dhéanamh sa limistéar áitiúil le linn an ama siopadóireachta is gnóthaí den bhliain, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cabhrú le cónaitheoirí agus le cuairteoirí taitneamh a bhaint as séasúr na Nollag. 
Chun tacú le gnólachtaí áitiúla agus chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh níos áthasaí fós, cuirfidh an Chomhairle páirceáil saor in aisce ar fáil i gcarrchlóis ‘íoc agus taispeáin’ i roinnt bailte ar fud Fhine Gall ar feadh trí Shatharn as a chéile i mí na Nollag roimh an Nollaig (an 6 Nollaig, an 13 Nollaig, agus 20 Nollaig 2025). Beidh sé sin in éifeacht i mBaile Brigín, ar an Ros, sna Sceirí, i Sord agus i Mullach Íde (carrchlós Ghort an Droichid amháin). Féach tuilleadh faisnéise ag https://www.fingal.ie/news/free-saturday-parking-christmas-shopping
Tá 44 chrann Nollag á gcur suas sa chontae, agus 34 cinn díobh á soilsiú go díreach ag an gComhairle agus an chuid eile á soilsiú ag eagraíochtaí pobail áitiúla. Tá an Chomhairle ag obair i ndlúthchomhar le comhpháirtithe pobail chun soilsiú agus maisiúcháin Nollag a fheabhsú i mbailte agus i sráidbhailte, á chinntiú go mbeidh gach limistéar ag léiriú lúcháir agus spiorad an tséasúir.
Beidh searmanais soilsithe crainn ar siúl sna trí láthair seo:
•    Soilsiú Crainn Bhaile Bhlainséir ag 6 p.m. Déardaoin an 27 Samhain ar an bPríomhshráid, i gcomhpháirt le SuperValu, Baile Bhlainséir
•    Soilsiú Crainn Shoird ag 6 p.m. Dé hAoine an 28 Samhain, taobh amuigh de Chaisleán Shoird.
•    Soilsiú Crainn Bhaile Brigín ag an gComhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, ag 6 p.m. Déardaoin an 4 Nollaig i gCearnóg Sheoirse, i dteannta The Lark Panto Stars. Bí linn faoi 5.15 p.m. chun taitneamh a bhaint as ceol ó Chór Soiscéalach Bhaile Brigín.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is tréimhse ríspeisialta den bhliain í an Nollaig, go háirithe anseo i bhFine Gall. Is tréimhse í ag a dtagann teaghlaigh agus cairde le chéile chun taitneamh a bhaint as atmaisféar na Nollag ar fud an chontae. Is cuma cé acu atá siad ag tabhairt cuairt ar mhargaí na Nollag, ag breathnú ar lasadh na soilse nó ag tabhairt faoi shiúlóid trínár mbailte, beidh rud éigin ann do gach duine. Tá súil agam go mbeidh Nollaig iontach ag gach duine, agus guím gach rath oraibh go léir agus deireadh na bliana 2025 ag druidim linn.”

Christmas Free Parking