Tugann an Feachtas ‘Soilse do Rothair’ Rothaíocht Níos Sábháilte i mBaile Átha Cliath chun Solais

Lights for Bikes 1

I gcomhthráth le tráthnónta an gheimhridh a bheith ag éirí níos dorcha, tá ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath tar éis teacht le chéile chun feachtas mór sábháilteachta ar bhóithre a sheoladh, mar atá ‘Soilse do Rothair’. San fheachtas sin, tugtar spreagadh do rothaithe ar fud an réigiúin soilse tosaigh agus cúil a úsáid chun fanacht infheicthe agus sábháilte ar na bóithre.

Seoladh an feachtas an 20 Samhain i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus an Comh. Ray McAdam, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comh. Pamela Kearns, Méara Átha Cliath Theas, an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus an Comh. Jim Gildea, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, ag teacht le chéile i léiriú aontachta ar son na sábháilteachta ar bhóithre ar fud Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tionscnamh den scoth chun Rothaíocht Níos Sábháilte i mBaile Átha Cliath a chur chun cinn is ea an feachtas ‘Soilse do Rothair’. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair chun Taisteal Gníomhach a chur leis an ngnáthshaol laethúil mar chuid den ghnáthamh laethúil. Ón mbliain 2021 i leith, tá 41.3 km de lánaí rothar tógtha againn i limistéar Fhine Gall, agus cuirfidh an feachtas seo i gcuimhne do rothaithe gurb amhlaidh, sna míonna dorcha seo, a bheidh siad níos sofheicthe d’úsáideoirí eile bóithre má úsáideann siad soilse tosaigh agus cúil ar a rothair.”

Lights for Bikes 2

Is ag tacú leis an bhfeachtas freisin atá an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Feachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath, agus na Seirbhísí Éigeandála — lena n-áirítear Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an Garda Síochána.

Dúirt an Comh. Ray McAdam, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath: “Bealach a bhíonn ag éirí níos coitianta agus níos inbhuanaithe chun taisteal timpeall ár gcathrach is ea an rothaíocht. De réir mar a éiríonn na laethanta níos giorra, áfach, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rothaithe infheicthe. Is féidir le sraith shimplí soilse an difear ollmhór a dhéanamh idir fanacht sábháilte ar na bóithre agus gan fanacht sábháilte orthu. Tá ríméad orm tacú leis an teachtaireacht thábhachtach seo i dteannta na Méaraí eile ar fud Bhaile Átha Cliath.” 

Dúirt Joe Seymour, Stiúrthóir Cúnta um Fhorbairt Iompair Inbhuanaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair: “De réir mar a éiríonn na tráthnónta níos dorcha, tá sé ríthábhachtach go mbeadh soilse tosaigh agus cúil ag rothaithe chun go bhfanfadh siad infheicthe agus sábháilte ar na bóithre. Tá bród ar an Údarás Náisiúnta Iompair as tacaíocht a thabhairt an athuair don fheachtas ‘Soilse do Rothair’, ag meabhrú do chách gur féidir le gníomh simplí ar nós a soilse a chur air difear mór a dhéanamh chun imbhuailtí a chosc.”

Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh comhpháirteach feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le soilse rothair tosaigh agus cúil a úsáid, go háirithe le linn thráthnónta dorcha agus luathmhaidineacha dorcha an gheimhridh. Trí ghníomh atá chomh simplí le soilse rothair a chur air a dhéanamh, is féidir an riosca go dtarlóidh imbhuailtí a laghdú go mór, á chinntiú go mbíonn rothaithe infheicthe ag tiománaithe, ag coisithe agus ag úsáideoirí eile bóithre.

Beidh an feachtas ‘Soilse do Rothair’ ar siúl ar fud mhíonna an gheimhridh, agus cuirfear chun cinn é trí na meáin shóisialta agus trí chainéil na n-údarás áitiúil. Tacófar leis sin trí íomhánna agus ábhair feasachta a mbeidh an mana seo a leanas orthu: “Be Bright. Be Seen. Be Safe.”

Tá an feachtas seo ina léiriú ar chur chuige aontaithe Bhaile Átha Cliath i leith sábháilteacht ar bhóithre, agus é ag neartú an chomhoibrithe atá ar bun idir údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí náisiúnta agus comhpháirtithe pobail chun timpistí ar bhóithre a laghdú agus chun sráideanna níos sábháilte a chruthú do chách.