Breis agus 30 ceolchoirm ar siúl ar fud Fhine Gall mar chuid de TradFest 2026
Tugann an fhéile ceoil thraidisiúnta agus tíre is mó in Éirinn cuireadh do lucht féachana scoth an cheoil bheo a bhlaiseadh i suíomh álainn atmaisféarach Fhine Gall. Agus é ar an bhfód le 21 bhliain anuas i mí Eanáir an bhliain seo chugainn, eispéirigh TradFest i ngach áit a dtéann tú, ó chroílár Chathair Bhaile Átha Cliath go caisleáin agus líne chósta bhaile stairiúil Fhine Gall agus gleannta agus suíomhanna stairiúla Bhaile Átha Cliath Theas.
Ag teacht sna sála ar TradFest an-rathúil i bhFine Gall sa bhliain 2025, fillfidh an fhéile go bródúil ar go leor d’ionaid uathúla agus stairiúla Fhine Gall, lena n-áireofar Caisleán Ard Giolláin, Caisleán Mhullach Íde, Séipéal Chaisleán Shoird, Amharclann Millbank, Amharclann Draíocht, agus Ionad Ealaíon Séamus Ennis. Leathnóidh sé a lorg ceoil freisin chun ionaid nua iontacha a áireamh amhail An Amharclann Bheag sna Sceirí, Ionad Pobail San Macullin i Lusca, agus Ionad Cultúir Lusca.
Agus an chuid is fearr de na scoth-oirfidigh cheoil sheanbhunaithe agus éiritheacha á taispeáint, tá an ceiliúradh lúcháireach seo ar chultúr ag athshamhlú agus ag athshainiú an cheoil Éireannaigh agus á thabhairt chuig lucht féachana ar fud Fhine Gall.
Ar na ceoltóirí i bhFine Gall a bheidh i láthair i bhféile na bliana 2026 tá: Ralph McTell & Stocktons Wing, Féile Barney McKenna, The Dublin Legends (The Dubliners roimhe seo). Derek Warfield & the Young Wolfe Tones, Altan, Freddie White, Pádraig Jacq, Emma Langford, Áine Tyrell, Caoimhín Ó Raghallaigh, Gerry O’Connor & Friends, Phelim Drew, Stephen Rea, Diane Cannon, Niamh Bury, Sean Collins, The Fingal Mummers, The Black Raven Pipe Band, Thru, Cór Soiscéalach Fhine Gall, agus go leor eile atá le fógairt.
Mar chuid de TradFest 2026, táimid ag ceiliúradh shaol agus ghairm Barney McKenna, ceoltóir mór le rá, freisin trí Fhéile Barney, ar féile trí lá í in The Abbey Tavern i mBinn Éadair, an baile cois farraige a mbíodh cónaí air ann. Beidh ceolchoirmeacha, seisiúin tí tábhairne, máistir-ranganna bainseó, agus taispeántas grianghraf mar chuid den cheiliúradh. Ba é seinm Barney McKenna ar an mbainseó teanóir cnámh droma cheol The Dubliners, agus tugadh “The McKenna Grip” ar a stíl uathúil figín agus, le himeacht na mblianta, tugadh “Banjo Barney” air go grámhar.
Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is iontach an rud é go bhfuil TradFest ag filleadh ar Fhine Gall agus ómós ó chroí á thabhairt do Barney McKenna as Binn Éadair í féin. Táimid an-bhródúil as an mbaint atá againn le duine de na ceoltóirí is íocónaí de chuid na hÉireann agus tá ríméad orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt dó ar an mbealach seo. Mar aon le clár ceolchoirmeacha
den scoth ar fud Fhine Gall, léiríonn an t-ómós seo cén fáth a bhfuil TradFest ina fhéile arb aoibhinn le gach duine dínn í agus atá ríthábhachtach do gach duine dínn.”
I gcomhréir lena chuspóirí forbartha lucht féachana, soláthróidh TradFest clár pobail leathnaithe amach sa bhliain freisin ina leagfar amach sraith imeachtaí nua spreagúla saor in aisce a bheidh faoi stiúir an phobail i bhFine Gall. Áireofar leo sin tob-Ghaeltacht do leanaí, seisiún amhránaíochta pobail, seisiúin tí tábhairne, craoltaí scannán, taispeántas grianghraf ina mbeidh bannaí píob Thomáis Áis ó Lusca, agus mar sin de.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is cuid mhór d’fhéilire cultúrtha Fhine Gall anois é TradFest, rud a thugann deis do mhuintir na háite agus do chuairteoirí teacht le chéile agus scoth an cheoil thraidisiúnta agus tíre Éireannaigh a bhlaiseadh. Ar fud ár n-ionad stairiúil, cuireann an fhéile le bród an phobail agus le fáilte an phobail go cothrom. Táimid bródúil as tacú le himeacht a cheiliúrann ár n-oidhreacht agus a spreagann glúnta nua ceoltóirí agus leantóirí ag an am céanna.”
Is cuma cé acu is breá leat ceol beo nó atá oíche de chultúr agus craic Éireannach uait, beidh TradFest ar an áit is fearr duit i mí Eanáir 2025.
Tá ticéid do TradFest 2026 ar fáil ó tradfest.com
Lean TradFest ar na Meáin Shóisialta:
Instagram - @tradfestdublin
Twitter - @trad_fest
Facebook - @tradfestdublin
TikTok - @tradfest
Tá TradFest á léiriú ag The Temple Bar Company le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ó Diageo, ó Fháilte Éireann, ó Thurasóireacht Éireann, ó Chomhairle Contae Fhine Gall, ó Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ó Chultúr Éireann, ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus ó RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona.