Cuirfear Tús leis an Tionscadal Múirínithe do Scoileanna an Mhí seo Tá sé fógartha ag Príomhfheidhmeannaigh Údarás Áitiúil Bhaile Átha Cliath go bhfuil an Tionscnaimh Múirínithe do Scoileanna á seoladh.
Filleann Seanghbhair na hÉireann ar Cheann Bhinn Éadair tar éis céad bliain fhada Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tionscadal féaraigh caomhnaithe ceannródaíoch a fhógairt, le seanghabhair na hÉireann, ag Binn Éadair, i dTearmann Bithsféir UNESCO i mBá Bhaile Átha Cliath. Is tionscadal comhpháirtíochta í an scéim, a mhairfidh 3 bliana, idir Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Seanghabhar na hÉireann le tacaíocht ó SAAO Bhinn Éadair.
Stáisiún aimsire uathoibríoch faighte ag an gCéad Bhunscoil i bhFine Gall Sheol an Comhairleoir Daniel Whooley, Leas-Mhéara Fhine Gall, an dara cuid de thionscadal na Stáisiún Aimsire do Scoileanna inné ag Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile an Rois agus Lusca nuair a bhronn sé ar Rang a Trí an chéad cheann de na stáisiúin aimsire uathoibríocha atá á leathadh amach ar bhunscoileanna ar fud Fhine Gall.
Measúnacht Chuí le tosú: Cinneadh maidir le Scagadh. 18 Lúnasa 2021 Tá ANCA ag dul ar aghaidh le Measúnacht Chuí a dhéanamh maidir le Cuspóir Laghdaithe Torainn agus Breith Rialála a d’eascair as measúnú a rinneadh ar chúrsaí torainn mar gheall ar iarratas pleanála F20A/0668
Tá Maratón na bPáistí Éireann 2021 Ag Tosú an 20ú Meán Fómhair le níos mó ná 12,000 Dalta Ar Fud na hÉireann Seoladh Clár Maratón na bPáistí Éireann 2021 Dé Céadaoin, 8ú Meán Fómhair ag Staid Morton i Seantrabh.
An tAire Eamon Ryan TD, le Seachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath a sheoladh go hoifigiúil maidin Dé Luain an 13ú Meán Fómhair ag dlr LexIcon, Dún Laoghaire. Dé Luain an 13ú Meán Fómhair 2021, seolfaidh Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide agus an tAire Iompair, an chéad Seachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide i mBaile Átha Cliath, a bheidh ar siúl ón Luan an 13 go dtí Dé Domhnaigh an 19 Meán Fómhair. Freastalóidh Méaraí agus Príomhfheidhmeannaigh ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath ar an seoladh.
Féile Staire Fhine Gall 2021 seolta i gCaisleán Shoird Sheol an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall, an cúigiú Féile Staire Dé Máirt an 14 Meán Fómhair agus beidh na cainteanna ar fad á gcur ar fáil ar chainéal YouTube agus ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall i rith sheachtain na Féile ón 25 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair.
Seoltar Tionscadal Keen to be Green Facilities Fhine Gall Mar chuid de Sheachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath, tá físeán réamheolais seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall do Thionscadal Keen to be Green Facilities Fhine Gall
Faigh faoi réir do Sheachtain na Rothaíochta 2021 i bhFine Gall Beidh Seachtain Bhliantúil na Rothaíochta ar siúl den tríú bliain déag in Éirinn idir an 12 agus an 18 Meán Fómhair 2021. Is iontach an deis Seachtain na Rothaíochta ag daoine, gan bheann ar aois ná ar leibhéal gluaisteachta, le taitneamh a bhaint as an rothaíocht agus gnáthrud a dhéanamh de lúth na gcos a úsáid mar chuid dá ngnás taistil.
A Burning Tide – Coimisiún Nua Scríbhneoireachta agus Scannán Coimisiúnaithe d'Oíche Chultúir Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann Coimisiún Nua Scríbhneoireachta agus Scannán Coimisiúnaithe – A Burning Tide – a chur i láthair.