Faigh faoi réir do Sheachtain na Rothaíochta 2021 i bhFine Gall

Mayor and Head of Active Travel at Newbridge House

Beidh Seachtain Bhliantúil na Rothaíochta ar siúl den tríú bliain déag in Éirinn idir an 12 agus an 18 Meán Fómhair 2021. Is iontach an deis Seachtain na Rothaíochta ag daoine, gan bheann ar aois ná ar leibhéal gluaisteachta, le taitneamh a bhaint as an rothaíocht agus gnáthrud a dhéanamh de lúth na gcos a úsáid mar chuid dá ngnás taistil.

Beidh imeachtaí spéisiúla á n-eagrú ag Comhairle Contae Fhine Gall i rith Sheachtain na Rothaíochta a oirfidh do dhaoine den uile leibhéal cumais agus taithí ar an rothaíocht.

'Grá don rothar' téama na bliana seo agus deir David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí as an Roinn i gComhairle Contae Fhine Gall a bhaineann le cúrsaí Comhshaoil, le Gníomhaíocht ar son na hAeráide agus le Taisteal Lúthaíochta, go bhfuil sé ag tnúth le daoine a fheiceáil agus tuiscint á fháil acu ar an taitneamh atá le baint as an rothaíocht: 'is iontach an t-am Seachtain na Rothaíochta leis an rothar a tharraingt amach agus bonn a chur le bóthar, go háirithe má tá tamall caite ó chuaigh tú ag marcaíocht rothair cheana.  Ní do dhaoine i gcumainn amháin, ná do dhaoine a bhaineann taitneamh as mar bheartaíocht spóirt, an rothaíocht; is modh taistil é lena mbaineann lúthaíocht, atá go maith don tsláinte, atá saor ó thaobh costais agus éadrom ó thaobh cúrsaí timpeallachta.  Tuige nach roghnófá an turas a dhéanamh ar rothar?  D'fhéadfá triail a bhaint an tseachtain seo as na leanaí a thabhairt ar scoil ar rothair nó dul chuig an siopa ar dhá roth in áit an carr a thabhairt leat. Déanann athrú beag den chineál sin difríocht mhór maidir leis an aeráid agus le sláinte an duine.’

Áirítear ar na himeachtaí atá beartaithe i rith na seachtaine Ceardlanna Rothaíochta do Dhaoine Fásta i Sord agus i mBaile an Hartaigh, Rothaíocht Ghealáin na hOíche ag Caisleán Mhullach Íde, dúshlán fíorúil Bhonn na mBonn as Troigh le Troitheán (Pedal for your Medal), sraith físeán a sheoladh ar líne maidir le Rothar a Choinneáil i gCaoi Mhaith, comórtas grianghrafadóireachta #CycleThere agus tionscnaimh do na scoileanna maidir le maisiú rothair, Bling Your Bike agus Rothar an Ghaiscígh Mhóir, a bhfuil duaiseanna breátha le buachan orthu.  Cuirfear clabhsúr le clár imeachtaí na seachtaine le Lá Spraoi don Teaghlach, dírithe go speisialta ar chúrsaí rothaíochta, i bPáirc San Caitríona, Baile Átha Cliath 15 Dé Sathairn an 18 Meán Fómhair.

Councillors Cycle at St Catherine's Park

Beidh an-fháilte roimh an uile dhuine ag baint spraoi as slite rothaíochta BMX, veileadróm sráide, seiceáil sábháilteachta saor in aisce ar rothair, cúrsa sábháilteacht rothaíochta do leanaí agus eile.  Beidh dhá thogra nua á gcur i láthair ag Comhairle Contae Fhine Gall an lá sin chomh maith; an chéad fheithicil adhmaid rothaíochta in Éirinn don chomhpháirtíocht agus rothar triúir d'Aos Rothaíochta na hAoise (Cycling Without Age), tionscnamh trína mbíonn síob rothaíochta á thairiscint do dhaoine aosta nó do dhaoine a bhfuil deacracht gluaisteachta ag gabháil dóibh trí scéimeanna deonacha a chuirfear ar siúl go gairid i bPáirc San Caitríona, sna Sceirí agus ar Ghlasbhealach Bhaile Dúill/Phort Mearnóg.

 

Beidh Lá Spraoi an Teaghlaigh ar siúl ón 10 r.n. go dtí 6 i.n. i bPáirc San Caitríona, Leamhcán, áit atá an-áisiúil maidir le rothaíocht, siúlóid agus córas iompair phoiblí.  Moltar dóibh siúd a thagann i láthair an carr a fhágáil ag baile agus taisteal lúthaíochta a dhéanamh go Páirc San Caitríona.

Bhí an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Méara Fhine Gall, agus an Comhairleoir Daniel Whooley, Leas-Mhéara, i gcuideachta chomhairleoirí ar fud Fhine Gall agus baill den fhoireann Taisteal Lúthaíochta, ar thurais rothaíochta le chéile ar an deireadh seachtaine i mbun ceiliúrtha ar an tseachtain.  Tháinig grúpaí le chéile ag Teach an Droichid Nua, Caisleán Mhullach Íde agus Páirc San Caitríona sula gcuirfí tús le seachtain fhoirmeálta na n-imeachtaí speisialta agus ócáidí ar líne. 

‘Is iontach an rud a bheith amuigh ag rothaíocht le mo chuid comhghleacaithe’, arsa an Méara Ó Rodaigh, ‘is soiléire ná riamh, tar éis ar tharla le tamall anuas, an tábhacht atá le modhanna sláinte fóillíochta agus caitheamh aimsire ag daoine.  Cén bealach is fearr le ham a chaitheamh le do chuid cairde agus do chuid gaolta amuigh faoin aer ná ag imeacht ar rothair? Ag rothaíocht a théimse idir an baile agus mo chuid oibre gach lá; ní hamháin gur luaithe a bhíonn an aistear déanta ná mar a bheadh ag tiomáint an chairr, is mó taitnimh atá le baint as chomh maith!  Mholfainn do dhaoine dul amach ar an rothar chomh minic in Éirinn agus is féidir leo é.’

Malahide Castle Bike Week Councillors Cycle

Ag seoladh chlár imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall di, deir an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly gur ábhar dóchais aici an t-athrú atá le feiceáil faoi chúrsaí taistil i bhFine Gall. ‘Tá meitheal na comhairle maidir le Taisteal Lúthaíochta ar bun ón mbliain 2002 agus ag obair go tréan chun athrú nósanna a thabhairt chun cinn agus daoine a spreagadh i mbun lúthaíochta agus taisteal lúthaíochta a dhéanamh, go háirithe nuair is turas áitiúil atá le déanamh. Tá forfheabhsú déanta againn ar chiliméadair fhada de lánaí cosanta rothaíochta, cláir tugtha i gcrích de leithéid Earraíocht as Earraí Traenála do chlubanna spóirt agus Slite Glasa den rath oscailte ar fud Fhine Gall.  Tá tograí breátha eile á leagan amach maidir le réimsí fairsinge ar fud Fhine Gall, mar shampla Bealach Cósta Fhine Gall,  Glasbhealach Uirbeach na Cánala Ríoga agus Glasbhealach an Mhóinéir Leathan. Tá de rún againn aoibhneas rothaíochta agus coisíochta a bheith ag daoine i bhFine Gall agus tá béim mhór againn ar an taisteal lúthaíochta sa phleanáil don chontae san am atá romhainn.’

Mar sin, más spéis leat freastal ar cheardlann le treoraí rothaíochta, más mian leat foghlaim le rothar a choinneáil i gcaoi mhaith ar fhíseáin ar líne nó más maith leat dul amach ag rothaíocht ar chúrsa éasca leis an teaghlach i do cheantar féin, is iontach an deis agat Seachtain na Rothaíochta chun an rothar a thabhairt amach agus spraoi agus sásamh a bhaint as an rothaíocht arís.

Tionscnamh de cuid an Údaráis Náisiúnta Iompair is ea Seachtain na Rothaíochta lena gcuireann TFI, Comhairle Contae Fhine Gall agus Údaráis Áitiúla eile ar fud na hÉireann.

 

Councillors Cycle at Newbridge House