A Burning Tide – Coimisiún Nua Scríbhneoireachta agus Scannán Coimisiúnaithe d'Oíche Chultúir

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann Coimisiún Nua Scríbhneoireachta agus Scannán Coimisiúnaithe – A Burning Tide – a chur i láthair.

A Burning Tide Piano

Mar chuid de chlár cuimhneacháin 2018-2023 Chomhairle Contae Fhine Gall: Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann Coimisiún Nua Scríbhneoireachta agus Scannán Coimisiúnaithe – A Burning Tide – a chur i láthair. Beidh an Coimisiún á chur i láthair mar chuid d'Oíche Chultúir na bliana 2021 an 17 Meán Fómhair 2021 ag Teach Bád Loch Sionnaigh ón 7pm go dtí an 9pm.

Ar bhuille an mheán oíche an 18 Meitheamh 1921, rinne grúpaí d'fhir de chuid an IRA ar shé stáisiún an Gharda Cósta ar chósta Thuaidh Bhaile Átha Cliath go ciúin - iad ar fad réidh le hionsaí a dhéanamh ag an bpointe ceannann céanna. Bhí siad ag iarraidh áit a aimsiú chun lastas arm a bhí á smuigleáil ó na Stáit Aontaithe ar bord an long trádála East Side a thabhairt i dtír agus ba é sin an chúis a bhí leis an ionsaí. Bhí na hionsaithe pleanáilte go cúramach - bhí na buíonta creiche, a raibh na línte gutháin gearrtha acu chun nach mbeadh aon duine ábalta fógairt a thabhairt, ag fanacht. Ar bhuille an mheán oíche, rith siad isteach sna stáisiúin feadh an chósta, gan súil ar bith ag na Gardaí Cósta leo. Dúradh leis na Gardaí agus a dteaghlaigh, a raibh cónaí orthu sna stáisiúin, imeacht láithreach agus is ansin a lasadh na stáisiúin. Le breacadh an lae an mhaidin dár gcionn, bhí fothracha na stáisiún ag na Sceirí, Loch Sionnaigh, an Ros, Baile Roiséir, Port Reachrann agus Ballaí Robac fós trí thine.

Tá sé shaothar nuascríofa coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, monologaí, gearrscéalta, filíochta agus prós ina measc. Is léirmhíniú pearsanta athshamhlaithe iad na saothair, a bhfuil saothar le hAmbasadóirí Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Éilís Ní Dhuibhne agus Ciara Ní É, chomh maith le Dermot Bolger, Enda Coyle- Greene, Kit de Waal & Stephen Walsh ina measc, de na heachtraí a tharla an oíche an 18 Meitheamh 1921 nuair a las an IRA 6 stáisiún an Gharda Cósta i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath go talamh chun bheith faoi réir do choinsíniú arm a bhí le teacht i dtír i gCuan Loch Sionnaigh as Nua Eabhrac. Cuirfidh na mórscríbhneoirí Éireannacha sin sraith d'insintí ficsin i láthair leis an gcoimisiún speisialta dar teideal A Burning Tide trína gcruthófar nasc idir lucht féachana agus éisteachta na linne seo agus an t-imeacht stairiúil agus a chuirfidh leis an scéal nach bhfuil a fhios ag mórán faoi. Tugtar na saothair nua scríbhneoireachta seo chun fíre agus iad léirithe trí thogra iontach nua le Arcade Films.  Rinneadh scannánú ar an láthair i gCuan Loch Sionnaigh agus sa tírdhreach mórthimpeall agus tá léirithe den scoth sa scannán ó Ian Lloyd Anderson, Joe Duffy, Kate Gilmore, Pat Kinevane, Niamh McCann, Marion O’Dwyer chomh maith le scríbhneoireacht ó Éilís Ní Dhuibhne, Ciara Ní É agus Enda Coyle-Greene.

Insítear scéal loisceadh stáisiúin an Gharda Cósta trí shé shaothar nuascríofa atá fite fuaite ina chéile chun sraith fínéad a dhéanamh astu. Insítear na scéalta trí na carachtair, fíorcharachtair agus carachtair samhlaithe araon, chun an méid a thit amach an oíche stairiúil sin in Éirinn Dé Sathairn an 18 Meitheamh 1921 a insint.  I measc na gcarachtar tá múinteoir pianó Kit de Waal in The Piano, saighdiúir tite Stephen Walsh in The Fire Just Laughed agus tugtar cuimhní a bhí ligthe i ndearmad chun cuimhne arís in Men as Old as the Century le Dermot Bolger. Tarraingeofar go tobann isteach san am i láthair muid trí sheó raidió a bhfuil an-tóir air le hÉilís Ní Dhuibhne ina mbeidh daoine ag glaoch isteach ón am atá caite, iad ag labhairt ar na haerthonnta ar fhilíocht chorraitheach dhúisitheach a thugann léargas ar dháimh náisiúnta i gcomhar mheon mhuintir  na hÉireann fad bhíomar ar tí ár saoirse a bhaint amach ó riail na Breataine. Enda Coyle-Greene agus Ciara Ni É a scríobh. Taispeánfar an scannán A Burning Tide lasmuigh ag Teach Bád Loch Sionnaigh d'Oíche Chultúir agus beidh an lucht freastail báite sa phríomhláthair go fisiceach agus tabharfar siar san am atá caite iad go dtí na heachtraí sin a thit amach ann 100 bliain ó shin trí thairseach iontach na litríochta agus na n-ealaíon.

Mhínigh Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, Caroline Cowley, an tábhacht a bhaineann leis na scéalta a cheangal le suíomh Chuan Loch Sionnaigh tríd an scannán agus dúirt "Tá gach saothar taifeadta agus an tírdhreach dúisitheach seo sa chúlra, áit a chuireann doimhneacht inláimhsithe leis na saothair léirmhínitheacha seo de bharr thopagrafaíocht chlochach cois cósta agus fothram ar leith na háite.  Is fíorphróiseas i gcomhar agus saibhir é an próiseas a bhí ann idir Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Oifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall, Arcade Film chomh maith leis na scríbhneoirí agus na haisteoirí a bhí páirteach."

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh "Tá tábhacht mhór ag baint le loisceadh stáisiúin an Gharda Cósta agus na himeachtaí lenar bhain sa bhliain 1921 do stair Fhine Gall agus is iontach an rud é na himeachtaí sin a fheiceáil tugtha chun fíre do ghlúin na linne seo tríd an gcoimisiún scríbhneoireachta faisnéiseach agus nuálach seo."

Is éard a dúirt Stiúrthóir na Rannóige Cultúir agus Forbartha Turasóireachta Fiontraíochta Eacnamaíochta, Emer O'Gorman. "Is léargas é taispeántas d'ardchaighdeán Roinn na Leabharlann agus coimisiún scríbhneoireachta cruthaithí agus nuálaí na Roinne Ealaín a cuireadh i dtoll a chéile chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar na himeachtaí suntasacha a thit amach ar an 18 Meitheamh 1921 -  Loisceadh Stáisiúin an Gharda Cósta i Loch Sionnaigh, ar an Ros, i bPort Mearnóg agus i Mullach Íde - ar thiomantas na Rannóige Cultúir & Forbartha Turasóireachta Fiontraíochta Eacnamaíochta Clár Cuimhneacháin 2018 – 2023 uilechuimsitheach a chur ar fáil. Cuireann an cur síos ar imeachtaí i gcomhthéacs le himeachtaí den saghas céanna a tharla ar fud na hÉireann agus sin a phéireáil le léirithe na linne seo ar na himeachtaí ar chumas shaoránaigh Fhine Gall tuiscint níos doimhne a fháil ar stair na hÉireann fad a gcruthaítear mórtas áit dóibh don todhchaí.

Is éard a dúirt Stiúrthóir Áras Scríbhneoirí na hÉireann Valerie Bistany, “Tá mórtas orainn as bheith ag obair le hOifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall na sé shaothar nua scríbhneoireachta seo a choimisiúnú do A Burning Tide. Is iomaí léargas is féidir a fháil ar na heachtraí sin ón 18 Meitheamh 1921 ó tharla an ilchineálacht scríbhneoireachta atá sa scannán. Is bliain mhór í seo freisin d'Áras Scríbhneoirí na hÉireann ó tharla é a bheidh ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód agus is mór an pléisiúr é nuascríbhneoireacht Éireannach a roinnt, scríbhneoireacht a thagann faoi anáil na n-imeachtaí a bhain le bunú Shaorstát Éireann 100 bliain ó shin. Táimid ag súil go mór le rannpháirtíocht chruthaitheach Dermot Bolger, Enda Coyle-Greene, Éilís Ní Dhuibhne, Ciara Ní É, Kit de Waal agus Stephen Walsh a fheiceáil Meán Fómhair na bliana seo le linn Oíche Chultúir.

Is éard a dúirt Rory O’Byrne Oifigeach Ealaíne an Chontae, “Tá rud éigin faoin gcaoi a mbreathnaíonn cósta Fhine Gall, ar beag athrú atá tagtha air ón oíche úd sin, an 18 Meitheamh 1921. Spreagann cuntais finné súl an tsamhlaíocht chun na bearnaí sa scéal a líonadh, báidín beag ina bhfuil gunnaí á hiomramh i dtreo chósta Loch Sionnaigh, beirt fhear ag tarraingt pianó slán ón tine agus an t-aontú go lasfaí an tine ionas nach ngortófaí duine ar bith, gnéithe den scéal nach bhféadfadh ach samhlaíocht an scríbhneora léargas a thabhairt orthu. Creideann Áras Scríbhneoirí na hÉireann go láidir, mar a chreideamarsa, go bhféadfadh nuascríbhneoireacht athshamhlú mar is cóir a dhéanamh ar imeachtaí na hoíche úd leis an gcoimisiún scríbhneora ghairmiúil ‘A Burning Tide’ chun go bhféadfaí na scéalta a bhain leis an oíche sin a thabhairt chun cuimhne agus iad a insint arís i bhFine Gall agus níos faide i gcéin do na glúnta atá le teacht".
Tá tacaíocht go gnaíúil faighte don choimisiún seo trí Aonad na gCuimhneachán, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus trí Chlár Oíche Chultúir Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

Taispeánfar A Burning Tide ag Cuan / Teach Bád Loch Sionnaigh mar chuid d'Oíche Chultúir na bliana 2021 ón 7pm go dtí an 9pm, ní gá ticéid a chur in áirithe. Tá Fáilte Roimh Chách. Beidh an scannán á sheinm arís agus arís eile le linn na tréimhse, bíodh do chuid éadaí feiliúnach don aimsir, tá páirceáil teoranta.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chlár Iomlán Fhine Gall d'Oíche Chultúir téigh chuig www.fingalarts.ie

Chun Tuilleadh Eolais a Fháil, Déan Teagmháil le

Caroline Cowley: Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, R: [email protected] G: 01 870 8449