Seoltar Tionscadal Keen to be Green Facilities Fhine Gall

Mar chuid de Sheachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath, tá físeán réamheolais seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall do Thionscadal Keen to be Green Facilities Fhine Gall

Mar chuid de Sheachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath, tá físeán réamheolais seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall do Thionscadal Keen to be Green Facilities Fhine Gall. Le linn an tionscadail seo, beidh lucht saoráidí pobail i bhFine Gall ag glacadh páirt i bplean 5 chéim le bheith níos inbhunaithe agus chun gníomh a dhéanamh i gcoinne thionchair na hAthraithe Aeráide. Is comhshaothar é an Tionscadal idir Oifig Forbartha Pobail Fhine Gall, rannóg Comhshaoil, Gníomhaithe ar Son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach Chomhairle Contae Fhine Gall agus Líonra Saoráidí Pobail Fhine Gall.

 

Is éard a dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, agus í ag labhairt san fhíseán: “Trí chlárú le haghaidh Chairt 'Keen to be Green Facilities' Chomhairle Contae Fhine Gall, tá lucht na saoráidí pobail i bhFine Gall ag léiriú a dtiomantais i leith gníomhaithe inbhuanaithe ar son na haeráide.  Is cuma chomh beag is atá an gníomh, deis atá i ngach uile ceann acu pobail i bhFine Gall a chumasú a gcuid a dhéanamh. Táthar ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo athrú fíorthábhacht sa phobal agus go dtarraingeoidh sé tuilleadh airde ar ghníomhaíocht i bpobail ar fud Fhine Gall.

 

Cuimsítear cúig chéim sa Chairt, lena n-áirítear bainistiú dramhaíola agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus tabharfaidh lucht gach saoráide pobail faoi na riachtanais a bhfuil gá leo de réir mar a n-ullmhaíonn siad chun oscailt go hiomlán don phobal arís.

Is féidir féachaint ar an bhfíseán ag  https://youtu.be/pUJLQlPNvwY