Search
21 - 30 of 3147 results
Déan iniúchadh ar áiseanna, buail le comharsana agus faigh amach faoi seirbhísí i d’ionad pobail áitiúil
Cuirfidh ionaid phobail ar fud an chontae fáilte roimh chuairteoirí ina n-áiseanna mar chuid den deireadh seachtaine fáilte a bheidh ar siúl ar an 5ú agus 6ú Meán Fómhair, agus Comhairle Contae Fhine Gall ag spreagadh gach duine chun a mol áitiúil a iniúchadh.
Tá cistiú ar fáil anois chun cabhrú le foirgnimh stairiúla Fhine Gall a chaomhnú
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh d’úinéirí agus caomhnóirí foirgneamh stairiúil chun iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2026 chun cabhrú le níos mó fós dár dtimpeallacht thógtha a chosaint agus a chaomhnú.
D’fhoilsigh ANCA léarscáileanna chomhrianacha den neamhchosaint ar thorann ó aerárthaí don bhliain 2024
Léirítear sna léarscáileanna an neamhchosaint ar thorann, atá meánaithe ar bhonn bliantúil, sna pobail timpeall Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2024, agus is féidir iad sin a chur i gcomparáid le chéile do gach bliain ó bhí an bhliain 2019 ann.
Fógraí Dúnta Bóthair agus Fógraí Nuachtáin
Faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh 2025 Maria McSweeney
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gurb í Maria McSweeney faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh
Féile Staire Fhine Gall 2025 Seolta
Fáilte chuig an naoú Féile Staire bhliantúil de chuid Fhine Gall, ar sheol an Comh. Gráinne Maguire, Leas-Mhéara Fhine Gall, í Dé Luain an 25 Lúnasa. Beidh an fhéile ar siúl ón Luan an 29 Meán Fómhair go dtí an Satharn an 11 Deireadh Fómhair 2025 ar fud ár mbrainsí leabharlainne.
Homepage
Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus MART Gallery & Studios go bhfuil an stiúideo cónaitheachta Céimí 2025-2026 ar ais.
Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le MART Gallery & Studios, cónaitheacht céimí MART Studios 2025-2026. Tá sé mar aidhm leis an deis seo tacú le forbairt ghairmiúil daoine ó limistéar Chomhairle Contae Fhine Gall a bhain céim amach le déanaí trí spás stiúideo lánchistithe a sholáthar thar 12 mhí ag tosú i mí Eanáir 2026.
Filleann Féile Dhraíocht na Scéalta, Fine Gall, ar Chaisleán Shoird an 27 Meán Fómhair
Agus í ar an bhfód le ceithre bliana anois, tá Féile Dhraíocht na Scéalta, Fine Gall, bunaithe go daingean mar cheann de phríomhimeachtaí ceiliúrtha na litríochta do leanaí in Éirinn. Tógfaidh Leabharlanna Fhine Gall an athuair ar rath na mblianta roimhe seo chun lá spraíúil a bheidh lán de chuairteanna údair agus de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha a sholáthar i gCaisleán Shoird Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair.