Fadhbanna le Francaigh – srianadh lotnaidí

Francaigh ar réadmhaoin phríobháideach/talamh príobháideach

Faoin Rats and Mice (Destruction) Act, 1919 (Rats and Mice (Destruction) Act, 1919), tá áititheoir talún freagrach as aon fhoirgeacht/cóireáil creimirí. 
1. Aon duine nach ndéanfaidh cibé bearta is gá agus is indéanta le réasún ó am go ham chun francaigh agus lucha a scriosadh ar aon talamh a bheidh á áitiú aige nó aici, nó chun cosc a chur ar an talamh sin teacht chun bheith foirgthe le francaigh nó lucha, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt (fíneáil de chuid Aicme E)* nó, i gcás gur seirbheáladh fógra air nó uirthi á cheangal air nó uirthi bearta den sórt sin a dhéanamh, fíneáil nach mó ná fiche punt (fíneáil de chuid Aicme D)* a chur air nó uirthi.
*Arna leasú leis an Acht Fíneálacha
Rinneadh na cumhachtaí forfheidhmithe faoin acht sin a aistriú ó Údaráis Áitiúla chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi na hAchtanna Sláinte.  


Talamh atá faoi Úinéireacht na Comhairle

Mar áititheoir, tá an Chomhairle freagrach as francaigh a bhainistiú ar a cuid talún, lena n-áirítear bóithre poiblí agus spás oscailte.  Is í rannóg oibríochtaí na Comhairle a bhainistíonn é sin. Féach anseo Rannóga | Comhairle Contae Fhine Gall

Séaraigh Bhréana/Draenacha Bréana

Má bhaineann an fhoirgeacht le séaraigh bhréana lochtacha (arb iad píobáin séaraigh ar an mbóthar a bhíonn i gceist leo de ghnáth), is faoi Uisce Éireann a bheidh sé plé leis an bhfoirgeacht.
Faoi alt 43 den Acht um Sheirbhísí Uisce 2007, is iad úinéirí na n-áitreabh atá ceangailte leis an draein atá freagrach as draenacha bréana lochtacha (arb é píobán lena bhfreastalaítear ar roinnt réadmhaoine laistigh de chúirtealáiste na réadmhaoine agus atá ceangailte leis an séarach ar an mbóthar a bhíonn i gceist leo de ghnáth).

Bainistiú Neamhdhleathach Dramhaíola

I gcás gur tháinig foirgeacht francach/luch as carnadh neamhdhleathach dramhaíola ag réadmhaoin chomharsanach, tá cumhachtaí forfheidhmithe ag an gComhairle faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist.  
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhainistiú neamhdhleathach dramhaíola, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an rannóg Forfheidhmithe Dramhaíola ag [email protected] . Tabhair mionsonraí suímh, lena n-áirítear pictiúir agus do mhionsonraí teagmhála.
Is féidir tuilleadh faisnéise ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a fháil anseo: https://www.hse.ie/eng/services/list/1/environ/pest-control.html Srianadh Lotnaidí - HSE.ie