Tá cistiú ar fáil anois chun cabhrú le foirgnimh stairiúla Fhine Gall a chaomhnú

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh d’úinéirí agus caomhnóirí foirgneamh stairiúil chun iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2026 chun cabhrú le níos mó fós dár dtimpeallacht thógtha a chosaint agus a chaomhnú.

Tá an Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha agus an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla á n-oibriú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tacaíonn siad le tionscadail bheagscála atá dian ar shaothar chun foirgnimh stairiúla a dheisiú agus a chaomhnú, rud a chabhraíonn le hoidhreacht ailtireachta uathúil Fhine Gall a chosaint, agus tacaíocht á tabhairt do cheardaithe áitiúla agus do shaineolaithe caomhantais áitiúla ag an am céanna.

Imríonn na deontais ról ríthábhachtach ina chinntiú gur féidir oibreacha caomhantais ardchaighdeáin a dhéanamh agus ina chinntiú go ndéanfar oidhreacht ailtireachta Fhine Gall a chaomhnú agus go mbeidh meas ag daoine uirthi go ceann i bhfad. Sa bhliain 2025, dámhadh €300,000, beagnach, do 47 dtionscadal ar fud an chontae tríd an Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha, trí dheontais ‘A Stitch in Time’, agus trí Chiste na nDéanmhas Stairiúil. Bhí sé sin ríthábhachtach maidir le hoidhreacht shaibhir ailtireachta Fhine Gall a chosaint, maidir le tacú le deisiúcháin riachtanacha ar fhoirgnimh stairiúla agus maidir leis na scileanna traidisiúnta atá ag ceardaithe caomhantais agus le ceirdeanna a chothabháil.

Funding now available to help preserve Fingal’s historic buildings

Dúirt Helena Bergin, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta Feidhmiúcháin Sinsearach Fhine Gall: “Ar fud Fhine Gall, is ann do sheanfhoirgnimh agus do dhéanmhais stairiúla lena gcuirtear saintréithe ar leith lenár mbailte, lenár sráidbhailte agus lenár gceantair thuaithe agus atá fíorthábhachtach don phobal áitiúil. Chun a chinntiú go mairfidh siad, ní mór na háiteanna sin a choinneáil i riocht maith.

“Tá an scéim seo ina deis iontach d’úinéirí réadmhaoine bearta praiticiúla a dhéanamh chun aire a thabhairt dár n-oidhreacht chomhroinnte. Ní hé amháin go gcaomhnaíonn gach tionscadal rathúil scéal an fhoirgnimh é féin ach cinntíonn siad freisin go mbeidh scileanna traidisiúnta tógála beo inár bpobail.” 

Tá an Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha agus an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla dá cuid ar oscailt le haghaidh iarratas faoi láthair.

Tá deontais idir €2,500 agus €50,000 ar fáil, ag brath ar an sruth ar leith nó ar an gcatagóir ar leith a dtagann tionscadal faoi nó fúithi. I measc na dtionscadal incháilithe tá na nithe seo a leanas a dheisiú agus a chaomhnú:

  • Déanmhais Chosanta atá ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta
  • Foirgnimh i Limistéir Caomhantais Ailtireachta
  • Aghaidheanna siopa stairiúla
  • Foirgnimh dhúchasacha neamhchosanta
  • Déanmhais Ceann Tuí Stairiúla

Le haghaidh mionsonraí iomlána agus foirmeacha iarratais a fháil, téigh chuighttps://fingal.live/4eu5kfdd. Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná 5pm Dé hAoine an 26 Meán Fómhair 2025. Cuirfear na torthaí in iúl d’iarratasóirí rathúla i mí Eanáir 2026.

Chomh maith leis na deontais thuasluaite, tá scéim dá cuid féin á hoibriú ag Comhairle Contae Fhine Gall, ar a dtugtar an Deontas ‘Stitch in Time’ le haghaidh deisiúcháin bheaga agus le haghaidh tuarascálacha caomhantais/comhairle caomhantais.  Tá deontais idir €100 agus €2,500 ar fáil. Tá Foirmeacha Iarratais le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2026 ar fáil ón   Deontas “Stitch in Time” faoi Chiste na hOidhreachta Ailtireachta | Comhairle Contae Fhine Gall

Funding now available to help preserve Fingal’s historic buildings