Filleann Féile Dhraíocht na Scéalta, Fine Gall, ar Chaisleán Shoird an 27 Meán Fómhair

Agus í ar an bhfód le ceithre bliana anois, tá Féile Dhraíocht na Scéalta, Fine Gall, bunaithe go daingean mar cheann de phríomhimeachtaí ceiliúrtha na litríochta do leanaí in Éirinn. Tógfaidh Leabharlanna Fhine Gall an athuair ar rath na mblianta roimhe seo chun lá spraíúil a bheidh lán de chuairteanna údair agus de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha a sholáthar i gCaisleán Shoird Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair.  

Ba é an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a sheol an clár le haghaidh Fhéile Litríochta Leanaí Fhine Gall i mbliana Dé Luain an 11 Lúnasa i gCaisleán Shoird. Bhí Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae, Shane Hegarty, Stiúrthóir Cruthaitheach na Féile, Úna Woods, údar agus maisitheoir leabhar leanaí, Tarsila Kruse, maisitheoir leabhar, agus grúpa léitheoirí óga díograiseacha i gcuideachta an Mhéara.

The Fingal Magic of Stories Festival Returns to Swords Castle on the 27th of September

Author and illustrators Tarsila Krüse, author and festival curator Shane Hegarty, Mayor of Fingal Cllr Tom O'Leary, Deputy Chief Executive Ethna Felten, author and illustrator Úna Woods, County Librarian Betty Boardman and young readers Fiadh, Addie, Conor and Seán.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall:

“Tá Féile Dhraíocht na Scéalta le bheith ina lá iontach, agus deis annamh iontach á tabhairt aici do léitheoirí óga bualadh leis na húdair, na scéalaithe agus na healaíontóirí atá taobh thiar de na scéalta is fearr leo. Agus é suite os comhair chúlra draíochtach Chaisleán Shoird, is cinnte go spreagfaidh an t-imeacht samhlaíocht agus cruthaitheacht i ngach leanbh a fhreastalóidh air.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall:

“Tá Féile Dhraíocht na Scéalta ina cuid lárnach de thiomantas Leabharlanna Fhine Gall dá chinntiú go mbíonn rochtain ag gach leanbh ar leabhair, ar fhoghlaim agus ar eispéiris chruthaitheacha, beag beann ar a gcúlra. Is é atá sa lá teaghlaigh speisialta seo i gCaisleán Shoird ná ceiliúradh scéalaíochta lena spreagfar grá ar feadh an tsaoil don léitheoireacht i ngach duine a fhreastalóidh air.”

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae:

“Ó seoladh é sa bhliain 2022, tháinig Draíocht na Scéalta chun bheith ina imeacht suntasach i bhféilire Leabharlanna Fhine Gall go gasta. San fhéile bhríomhar seo, tugtar deis speisialta do léitheoirí óga bualadh leis na húdair atá taobh thiar de na leabhair a dhúisigh a samhlaíocht agus a spreag a ngrá do chuairt a thabhairt ar an leabharlann.”

Dúirt Shane Hegarty, an Stiúrthóir Cruthaitheach:

“Beidh rud éigin do gach duine ag Féile iontach Dhraíocht na Scéalta i gCaisleán Shoird, idir léamha údair, ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cheol. Táimid ag súil go mór le gach duine a fheiceáil ansin ar an seachtú lá is fiche de Mheán Fómhair le haghaidh lá spraoi agus cruthaitheachta don teaghlach ar fad.”

The Fingal Magic of Stories Festival Returns to Swords Castle on the 27th of September

Authors and illustrators Úna Woods, Shane Hegarty and Tarsila Krüse with young readers Beibhín, Eryn, Addie, Conor, Fiadh and Seán. 

Le linn fhéile na bliana seo, beidh imeachtaí ar siúl i bPuball na Leabharlainne Bige, sa Séipéal, i bPuball na Scéalta, i bPuball Scéalta an Ghamhna Bhuí, agus sa Chrios Cruthaitheach. Beidh Pláinéadlann an Bhéir Mhóir ar ais chun deis a thabhairt don lucht freastail iontais na cruinne a iniúchadh le cabhair ó Eve McDonnell agus Máire Zepf, údair. Gné nua i mbliana is ea Cathair na gCrann Caillte, scéal draíochtach a insítear trí amharclannaíocht mheicniúil Victeoiriach. I measc na n-aíonna a raibh tóir orthu roimhe seo agus atá ag teacht ar ais tá Deartháireacha Fanzini, arb iad máistrí an léirithe sráide agus sorcais iad, agus na Dochtúirí Leabhar ó Leabhair Pháistí Éireann, a bheidh ag tabhairt moltaí maidir le roghanna léitheoireachta duine le duine.

Sa Chrios Cruthaitheach, beidh leanaí in ann páirt a ghlacadh i gCeardlanna Graifítí le Street Art Ink, i gCeangal agus Dathaigh le Lollipop, i nDéanamh Corónacha Bláthanna le The Wizard of Creation, agus in Ealaín agus Cumadh Scéalta le hOrlaith O’Sullivan. Beidh triúr mac léinn ealaíne i mbun Stáisiún an Chruthaithe i mbliana. Tar anseo agus bain triail as modhanna éagsúla le haghaidh ealaín a chruthú agus do chruthaitheacht a scaoileadh saor. Dá mhéad praiseach atá ann is amhlaidh is fearr! Beidh Áine Gallagher agus a Cup of Focals ollmhór i láthair i bPuball na Leabharlainne Bige, mar aon le bréagáin chéadfacha agus spás ciúin dóibh siúd a bhfuil sos de dhíth orthu.

Sa Séipéal, beidh Ciara Geraghty agus Sarah Webb, údair, ag léamh óna leabhair agus beidh siad ag freagairt ceisteanna. Beidh Ashwin Chacko, maisitheoir leabhar, ag cur beocht i scéalta, agus beidh Eoin Colfer, údar mór le rá, ag comhroinnt a chuid eagna. Idir an dá linn, beidh Niamh Sharkey agus Owen Churcher ag cur Penguin TV i láthair agus beidh siad ag tabhairt cuireadh do leanaí cur leis an Oll-Bhreacphictiúr i bPuball na Scéalta. Beidh Ceolfhoireann Bits & Bobs ag cur siamsaíocht cheoil ar fáil, agus beidh Sarah Sparkles ag filleadh le hamhráin, le scéalta agus le puipéid. Beidh Úna Woods ag léamh sleachta ón leabhar is déanaí uaithi agus ag stiúradh ceardlann scanrúil, beidh Tarsila Krüse ag óstáil cóisir ealaíonta éan agus beidh Erika McGann agus Clive McFarland ag cabhrú le gach duine iarracht a dhéanamh a fháil amach cad is péacóg óg ann.

Beidh Alan Nolan, Máistir Sorcais, ina reachtaire i bPuball Scéalta an Ghamhna Bhuí, beidh Eoin Colfer, Steve McCarthy, Aoife Dooley agus Pádraig Kenny ag ceiliúradh na leabhar is déanaí uathu, agus beidh Chris Judge ag tabhairt páirt do gach duine sa Mhórchluiche Spéir. Gné thábhachtach den fhéile fós is ea bronnadh leabhar, agus is féidir leis an lucht freastail a iarraidh ar na húdair a leabhair a shíniú.

The Fingal Magic of Stories Festival Returns to Swords Castle on the 27th of September

Young reader Seán with A Spooktacular Place to Be by author and illustrator Úna Woods

I mbliana an athuair, chruthaigh Alan Nolan, duine a bhfuil fíorchumas ann, The Magic of Stories Activity Book, atá ar fáil saor in aisce i mbrainsí Leabharlanna Fhine Gall. Áirítear leis Comórtas Mór na bhFéinphictiúr de Charachtair Leabhair, áit ar féidir le leanaí iad féin a tharraingt mar an carachtar leabhair is fearr leo.

Tá draíocht i ngach scéal. Mar sin de, tá comórtas Gearrscéalta do leanaí idir ocht mbliana d’aois agus 13 bliana d’aois agus comórtas Filíochta Draíochtúla do scríbhneoirí faoi bhun ocht mbliana d’aois á dtabhairt isteach ag Comhairle Contae Fhine Gall i mbliana. Beidh Eoin Colfer, údar mór le rá, ag déanamh moltóireacht orthu sin, agus bronnfar duaiseanna ag an bhféile. Is féidir mionsonraí agus foirmeacha iontrála le haghaidh na gcomórtas sin a fháil in The Magic of Stories Activity Book freisin.

Beidh Féile Litríochta Leanaí Fhine Gall ar siúl i gCaisleán Shoird Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair 2025 ó 11am go 4pm. Faigh bróisiúr i do leabharlann áitiúil i bhFine Gall nó amharc air ar líne ag  fingal.ie/fingallibraries