Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus MART Gallery & Studios go bhfuil an stiúideo cónaitheachta Céimí 2025-2026 ar ais.
Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le MART Gallery & Studios, cónaitheacht céimí MART Studios 2025-2026. Tá sé mar aidhm leis an deis seo tacú le forbairt ghairmiúil daoine ó limistéar Chomhairle Contae Fhine Gall a bhain céim amach le déanaí trí spás stiúideo lánchistithe a sholáthar thar 12 mhí ag tosú i mí Eanáir 2026.
Beidh iarratais ar oscailt ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2025.
Tá spás stiúideo d’ealaíontóir aonair ag MART Studios i gCrois Araild ar áireamh sa dámhachtain seo. Clúdófar costais cíosa stiúideo, costais fóntas agus costais riaracháin chun cabhrú leis an am agus an spás chun a c(h)leachtas a fhorbairt a thabhairt don ealaíontóir, chomh maith le deiseanna chun caidreamh a dhéanamh le daoine cruthaitheacha eile.
Ina theannta sin, glacfaidh an t-ealaíontóir is céimí páirt i dtaispeántas grúpa chun a s(h)aothar a thaispeáint ag seó bliantúil dámhachtainí taispeántais MART sa bhliain 2026. Soláthrófar táille ealaíontóra agus ábhar ó MART mar chuid dá shearmanas bliantúil dámhachtainí don fhaighteoir.
Tairgfear an chónaitheacht seo do chéimí amháin. Tá an deis seo mar chuid de shraith tionscnamh atá ar bun ag Oifig Ealaíon Fhine Gall chun cleachtas gairmiúil na n-ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a chur chun cinn agus chun tacú leis. Soláthrófar léi timpeallacht fhoirfe le haghaidh tionscadail chruthaitheacha a fhorbairt agus le haghaidh cleachtas céimí a fhorbairt, mar aon le deis chun líonrú le healaíontóirí eile.
Tá iarratais ar oscailt d’ealaíontóirí a chríochnaigh fochéim nó iarchéim sna blianta 2023, 2024 nó 2025. Féadfaidh iarratasóirí athiarratas a dhéanamh murar éirigh leo i mblianta roimhe seo. Ní mór don chéimí cónaí a bheith air/uirthi i bhFine Gall faoi láthair, a bheith as Fine Gall ó dhúchas nó staidéar a bheith déanta aige/aici i bhFine Gall. Ceanglaítear ar an bhfaighteoir an chónaitheacht stiúideo a úsáid go gníomhach agus páirt ghníomhach a ghlacadh inti. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí aonair d’aon disciplín.
Is é an 1 Deireadh Fómhair 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas. Chun iarratas a dhéanamh, féach suíomh Gréasáin MART: Ealaíontóir Cónaithe Fhine Gall a Bhain Céim Amach le Déanaí do 2026 – MART Gallery & Studios

Ar fhógairt na dámhachtana seo, dúirt Sarah O’Neil, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall: ‘Tá ríméad orainn a fheiceáil go bhfuil dámhachtain cónaitheachta céimí MART Studios ar ais. Leis an ngradam uathúil seo, tugtar deis agus cloch chora d’ealaíontóir a bhain céim amach le déanaí chun tús a chur lena ghairm nó lena gairm, le tacaíocht ó spás stiúideo agus gailearaí seanbhunaithe.’
Labhair Andrew Grace, faighteoir na dámhachtana sa bhliain 2024-2025, faoin dámhachtain: “B’eispéireas iontach é seo ar fud na bliana. Bhí an deis spás a fháil le haghaidh cruthú agus taighde a dhéanamh ina cuid riachtanach d’fhás mo chleachtais. Bhí Oifig Ealaíon Fhine Gall agus MART araon thar a bheith cabhrach chun cobhsaíocht a thabhairt dom ar fud na bliana mar dhuine a bhain céim amach le déanaí, anuas ar dheis a thabhairt dom mo shaothar a thaispeáint i Seó Dámhachtainí MART chomh maith. Tá na cineálacha deiseanna sin ina rud riachtanach d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus cabhraíonn siad le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn a threorú trí thús nua.”
Maidir le Andrew Grace:
Is ealaíontóir agus taighdeoir é Andrew agus éiríonn go geal leis trí thaighde fairsing, agus díriú dlúth á leagan ar Theoiric na hAiteachta. Leathnaíonn a gcleachtas tuiscintí agus féachtar i gcónaí ann le smaointe a cheistiú. Oibríonn siad den chuid is mó le físeán agus le dealbhóireacht, agus úsáid á baint aige as cultúir iardhearcaidh chun sainmhínithe agus bealaí smaointeoireachta a leathnú tuilleadh.
Maidir le MART:
Bhunaigh Ciara Scanlan agus Matthew Nevin MART Studios & Gallery sa bhliain 2007. Is é an aidhm ná deiseanna a chur ar fáil do dhaoine cruthaitheacha ag gach céim dá ngairm. Faoi láthair, tá MART Studios ar cheann de na príomhspásanna oibre inbhuanaithe don phobal cruthaitheach i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh, agus sé stiúideo ag éascú saothar ildisciplíneach ealaíne agus breis agus 150 ball. Leis na spásanna sin, cuirtear fás pobal ealaíne agus rannpháirtíocht ealaíne chun cinn.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
www.fingalarts.ie
www.fingal.ie/arts
www.mart.ie