Search
1561 - 1570 of 3150 results
Oibreacha ar Scéim Soláthair Uisce Bhinn Éadair ag dul ar aghaidh
Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall, ag leanúint d'oibreacha riachtanacha a dhéanamh ar scéim soláthair uisce Bhinn Éadair chun an soláthar uisce do thithe agus gnólachtaí sa cheantar a chosaint i gcomhréir le srianta reatha COVID-19.
Leather Heaven
Is speisialtóireacht Leather Heaven ná slipéir a dhíol a allmhairítear go díreach ón bPolainn. Cuirimid raon leathan slipéar d’fhir agus do mhná déanta as leathar nádúrtha ar fáil. Táimid lonnaithe i Sord, Co. Bhaile Átha Cliath agus cuirimid seachadadh saor in aisce ar fáil sa cheantar agus postas saor in aisce chuig gach aon áit in Éirinn.
Déanann Fine Gall comhghairdeas le Jane Maguire i ndiaidh gur roghnaíodh í d’Fhoireann Náisiúnta Cruicéad Ban na hÉireann
Déanann Comhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas leis an imreoir le Cumann Cruicéid The Hills, Jane Maguire, tar éis gur roghnaíodh í den chéad uair imirt ar Fhoireann Náisiúnta Cruicéad Ban na hÉireann don tsraith idirnáisiúnta in aghaidh na hAlban a bheidh ar siúl an mhí seo.
Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann – Stáisiúin Núicléacha Doel 1 & 2, An Bheilg
De réir Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (an Coinbhinsiún Espoo) an Coinbhinsiún ar Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartais i nGnóthaí Comhshaoil (An Coinbhinsiún Aarhus), fuair An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta fógra ón Aire Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge, faoin síneadh atá beartaithe ar shaolré oibríochtúil stáisiúin núicléacha Doel 1 & 2 agus na hoibreacha feabhsúcháin a bhaineann le sábháilteacht núicléach, ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí trasteorann.
Comhairliúchán ar Uiscí Snámha a Shainaithint do Shéasúr 2022
Tugadh cuireadh do phobal Fhine Gall a dtuairim a nochtadh san athbhreithniú bliantúil ar uiscí snámha do Shéasúr 2022
An Deasc Pleanála Poiblí ag athoscailt agus spriocdháta maidir le haighneachtaí agus cinntí
Tá na deasca pleanála poiblí le hathoscailt ar an gCéadaoin, an 27ú Bealtaine 2020, ach caithfear coinne a dhéanamh roimh ré agus ní féidir breathnú ach ar iarratais phleanála reatha. Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach agus na dátaí ar a bhfuil cinntí dlite le haghaidh iarratas faighte idir an 30ú Márta agus an 22ú Bealtaine, an 29ú Meitheamh 2020 agus an 20ú Iúil 2020 faoi seach.