Oibreacha ar Scéim Soláthair Uisce Bhinn Éadair ag dul ar aghaidh

Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall, ag leanúint d'oibreacha riachtanacha a dhéanamh ar scéim soláthair uisce Bhinn Éadair chun an soláthar uisce do thithe agus gnólachtaí sa cheantar a chosaint i gcomhréir le srianta reatha COVID-19.

 

Cuirfidh an tionscadal sin feabhas ar shlándáil an tsoláthair uisce óil sa cheantar agus éascóidh sé fás agus forbairt shóisialta agus gheilleagrach i mBinn Éadair.

 

Ó cuireadh tús leis na hoibreacha i mBealtaine 2019 tógadh sé chiliméadar de phríomhphíopa, ag trí thrasrian iarnróid san áireamh. Anuas air sin, tógadh stáisiún caidéalúcháin nua agus foirgneamh clóiríniúcháin ag Taiscumar Dhún Criofainn. Tá oibreacha breise ag teastáil ag an láithreán taiscumair chun an t-infreastruchtúr nua a chomhtháthú leis an líonra atá ann. Cuirfear tús leis na hoibreacha sin Dé Luain, an 10 Bealtaine agus sceidealtar go gcríochnófar iad roimh Dé hAoine an 15 Bealtaine. Cé go bhfuil gach iarracht á déanamh briseadh uisce a sheachaint, féadfar go gcuirfear isteach ó am go chéile ar sholáthar roinnt custaiméirí le linn an ama sin. Tar éis na hoibreacha a chur i gcrích, féadfar go dtógfaidh sé roinnt uaireanta sula dtosóidh an gnáth-sholáthar uisce arís.

 

Tá na hoibreacha riachtanacha á ndéanamh ag John Craddock Limited thar ceann Uisce Éireann ar aon dul le prótacail dhiana COVID-19.

Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt William McKnight ó Uisce Éireann: "Tá sé ríthábhachtach príomhphíopa uisce nua a thógáil i mBinn Éadair chun a chinntiú go bhfuil an soláthar uisce do thithe agus gnólachtaí sa cheantar níos sábháilte agus níos seasmhaí, agus tacóidh sé le forbairt shóisialta agus gheilleagrach an cheantair. Is cuid den infheistíocht shuntasach atá á déanamh ag Uisce Éireann, ar fiú €22 milliún í, chun an soláthar uisce i bhFine Gall a chosaint iad na hoibreacha i mBinn Éadair. Tríd an infreastruchtúr uisce a uasghrádú, déanfar cinnte de go mbeidh soláthar níos iontaofa agus níos sábháilte ag Binn Éadair, Mullach Íde, Sord agus Baile Brigín, agus nach gcuirfear isteach ar a soláthar uisce chomh minic dá bharr. Tuigeann Uisce Éireann go mbíonn an cineál oibre sin míchaoithiúil agus cinnteoimid go ndéanfaidh ár gcriúnna oibre gach iarracht le haon chur isteach de bharr na n-oibreacha sin a íoslaghdú. Leanfaimid ar aghaidh an t-eolas is déanaí a chur ar fáil go rialta do ghnólachtaí, ionadaithe tofa agus don phobal de réir mar a théann an tionscadal seo ar aghaidh."